Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 4:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 I measc smaointe a rith chugam in aislingí oíche, Nuair a bhíonn daoine i dtoirchim suain,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 A smuaintighthibh ó fhisibh na hoidhche, a nuáir thuitios codhladh trom ar dhaóinibh,

Féach an chaibidil Cóip




Iób 4:13
15 Tagairtí Cros  

Le luí na gréine thit tromchodladh ar Abrám agus bhuail scéin é.


Chuir an Tiarna Dia suan trom ar an duine, agus, ina shuan dó, bhain sé easna as agus chuir feoil ina timpeall.


Ach tháinig Dia i bhfís oíche chun Aibímeilic: “Tá an bás chugat,” ar sé leis, “de bharr na mná seo a ghabh tú chugat, mar tá fear céile aici.”


Rinneadh taibhreamh dó: dréimire ina sheasamh ar an talamh agus a bharr ag sroicheadh neimhe, agus bhí aingil Dé suas agus anuas air.


Ach tháinig an Tiarna i dtaibhreamh oíche chun Lábán an tArámach agus dúirt leis: “Ná habair aon ní ar aon chor ar aon chúinse le Iacób.”


Agus labhair Dia le hIosrael i bhfís oíche agus ghlaoigh: “A Iacóib, a Iacóib!” “Anseo dom,” ar sé.


Tháinig scéin orm agus critheagla, Agus bhí mo chnámha go léir ar ballchrith.


Dúirt an Tiarna: “Éistigí anois le mo bhriathra: Más fáidh aon duine in bhur measc, Cuirim mé féin in aithne dó i bhfis; Labhraím leis in aisling.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí