Guíonn sé chun Dé agus tugann seisean aird air; Agus feiceann sé a ghnúis agus lúcháir air, Agus fógraíonn sé don saol scéal a shaortha;
Iób 34:11 - An Bíobla Naofa 1981 Déanann sé cúiteamh leis an duine de réir a oibreacha, Agus de réir bearta a shaoil a thugann sé luach saothair dó. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír aíseogthar don duine a obair féin, agus do bhéara air gach aonduine go bhfuighe do réir a shlightheach. |
Guíonn sé chun Dé agus tugann seisean aird air; Agus feiceann sé a ghnúis agus lúcháir air, Agus fógraíonn sé don saol scéal a shaortha;
Aon uair amháin a labhair Dia, dhá ní a chuala mé; gur le Dia an chumhacht, a Thiarna,
Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh, agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.
Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é; filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin.
Má deir tú: “Ach féach, ní raibh a fhios againn,” an amhlaidh atá an té a mheánn an croí gan tuiscint, agus an té a bhreithníonn an t‑anam gan eolas? déanfaidh sé an t‑aisíoc is dual do bhearta duine.
Mise, an Tiarna, scrúdaím an croí, dearbhaím na duáin, a thabhairt do gach aon fhear de réir a iompair agus de réir toradh a ghníomhartha.
Mór i gcomhairle, agus cumasach i ngníomh, a bhfuil a shúile oscailte ar bhealaí uile na ndaoine, a thabhairt do gach aon duine de réir a shlite agus torthaí a ghníomhartha!
a thugann uaidh ar úsaireacht agus a ghlacann brabús; an mairfidh seisean? Go deimhin, ní mhairfidh. Tar éis dó na coireanna gránna seo a dhéanamh éagfaidh sé cinnte agus beidh a chuid fola air féin.
Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne.
Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.
Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta.
“Feach, is gearr go dtiocfaidh mé, agus mo luach saothair liom le tabhairt do gach duine de réir mar atá ag a shaothar.
Cúitíonn an Tiarna a fhíréantacht agus a dhílse le gach duine. Thug an Tiarna thú i mo láimh dom inniu ach ní shínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna.