Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 1:31 - An Bíobla Naofa 1981

31 Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh, agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Uimesin íosuid síad do thoradh a slighe féin, agus líonfuighear íad dá dtionnscantaibh féin.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 1:31
17 Tagairtí Cros  

Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóid Agus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar.


Thug mé suas iad do mhianta a gcroí; chun cibé ní ab áil leo a dhéanamh.


Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é; filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin.


Caitheann an fear maith bia fónta, toradh briathra a bhéil; ach is ar an bhforéigean a chothaítear goile na bhfeallairí.


Bíonn an croí gan stuaim sásta lena imeachtaí féin, agus an fear cóir le fómhar a bheart.


An té a shíolann an éagóir, beidh fómhar na tubaiste aige; air féin a [thitfidh] bata a chuthaigh.


Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall, agus gabhtar é i líonta a pheaca féin.


Faigheann sé bás cheal smachta, agus téann sé amú le barr baoise.


Ach an té dhéanann díobháil domsa, leonann sé a anam féin; agus an mhuintir a thugann fuath domsa, tugann siad grá don bhás.”


Ar an gcuma chéanna, roghnóidh mé féin amhgar dóibhsean, agus tarraingeoidh mé orthu na rudaí is mó is eagal leo. Óir ghlaoigh mé agus níor fhreagair aon duine, labhair mé agus ní raibh aon duine ag éisteacht. Rinne siad an rud a b'olc i mo shúile, agus an rud a thaitneodh liom, níorbh áil leo.


“Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n‑adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n‑iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n‑olc féin.


Tá d'olc féin do do smachtú, do shleamhnú thar n‑ais do do cheartú; bíodh a fhios go maith agat gur searbh agus gurb olc an mhaise duit an Tiarna do Dia a thréigean agus gan m'eagla a bheith ionat - is é Tiarna na Slua a labhraíonn.


(Smachtóidh mé sibh de réir sochar bhur ngníomhartha - an Tiarna a labhraíonn.) Cuirfidh mé tine lena fhoraois; dófaidh sí an dúiche uile máguaird.’ ”


Éist, a thalaimh, táim ag breith tubaiste ar an bpobal seo: de bhrí nár éist siad le mo bhriathra, agus, maidir le mo reacht, dhiúltaigh siad dó.


Dá bhrí sin, dhoirt mé mo fhearg amach orthu; dhóigh mé iad le tine mo chuthaigh. Chúitigh mé a n‑iompar ar a gcinn féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí