Iób 33:9 - An Bíobla Naofa 1981 “Táim gan cháim, gan pheaca; Táim ionraic, saor ó urchóid. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Atáim glan gan choir, atáim nemhchiontach; ní mó atá éaicceart ionnam. |
Óir is eol duit nach bhfuilim urchóideach, Agus nach bhfuil aon duine le fuascailt a dhéanamh as do láimh.
Agus an ndéarfaidh tú: “Is íon é mo theagasc, Agus an bhfuilim glan i do radharc?”
Féach, dá bhféadfainn mo chúis a agairt, Tá a fhios agam gur mise a thiocfadh slán.
Cuireann sé seo uafás ar dhaoine ionraice, Agus déanann an neamhurchóideach casaoid in aghaidh an éagóraigh.
Cloíonn an fíréan lena bhealaí, Agus tagann breis nirt chun an té atá glan ó chroí.
Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí, Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.
Chuir mé an fhíréantacht umam mar bhrat; Ba gheall le caidhp agus clóca agam an ceart.
Scoir an triúr sin de bheith ag freagairt Iób mar go raibh sé cinnte go raibh sé neamhchiontach.
Tá breitheamh mo chúise i bhfaltanas liom, Is tinn é mo chréacht cé nach ndearna mé coir.”
Cad chuige nach dtógann tú mo pheaca ar shiúl Agus mo choir a mhaitheamh dom? Óir is gearr go luífidh mé sa chré; Agus lorgóidh tú mé, ach ní bheidh mé ann chuige.
Eisean a bhascann mé [ar thráithnín,] Agus a ghonann mé, créacht ar chréacht, gan chúis.
Mé a bheith neamhchiontach - ní bheadh a fhios sin agam. Chaithfinn uaim m'anam féin.
Dá dtitfeadh tubaiste mharaitheach go tobann, Gháirfeadh sé faoi chinniúint an neamhchiontaigh.
Tagann eagla mo phianta go léir sa mhullach orm, Mar tá a fhios agam nach nglacfaidh tú liom mar neamhchiontach.
Deir tú: ‘Táimse saor ó locht, tá a fhearg iompaithe uaim.’ Agus féach anois mé ag tabhairt breithe ort mar go n‑abrann tú: ‘Níor pheacaigh mé.’