Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 34:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Dúirt Iób: “Táimse fíréanta, Ach dhiúltaigh Dia mo cheart dom.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Oír a dubhairt Iób, Atáim ionnruic: agus rug Día mo bhreitheamhnus leis.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 34:5
14 Tagairtí Cros  

Óir is eol duit nach bhfuilim urchóideach, Agus nach bhfuil aon duine le fuascailt a dhéanamh as do láimh.


Agus an ndéarfaidh tú: “Is íon é mo theagasc, Agus an bhfuilim glan i do radharc?”


Féach, dá bhféadfainn mo chúis a agairt, Tá a fhios agam gur mise a thiocfadh slán.


Cé nach bhfuil an lámh láidir ag roinnt liom, Agus gur íon í mo phaidir.


Féach! glaoim in aghaidh an éigin, ach ní thugtar freagra orm. Iarraim cabhair, ach ní bhíonn ceart le fáil agam.


Dar Dia beo a bhain díom mo cheart, Agus dar an Uilechumhachtach a chuir gruaim ar m'anam,


Chuir mé an fhíréantacht umam mar bhrat; Ba gheall le caidhp agus clóca agam an ceart.


Scoir an triúr sin de bheith ag freagairt Iób mar go raibh sé cinnte go raibh sé neamhchiontach.


“Táim gan cháim, gan pheaca; Táim ionraic, saor ó urchóid.


Faighimis amach dúinn féin cá bhfuil an ceart; Agus deimhnímis eadrainn féin céard is cóir.


Filligí orm anois agus ná déantar éagóir! Sea, filligí, tá mo chúis fós gan breith.


An gclaonann Dia an ceart? An bhfiarann an tUilechumhachtach an chóir?


Eisean a bhascann mé [ar thráithnín,] Agus a ghonann mé, créacht ar chréacht, gan chúis.


Cén fáth a ndeir tú, a Iacóib, agus a maíonn tú, a Iosrael: “Tá mo chinniúint ceilte ar an Tiarna agus mo cheart scaoilte thairis ag mo Dhia”?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí