Iób 30:11 - An Bíobla Naofa 1981 De bhrí gur bhain Dia mo chumas díom, agus gur threascair sé mé, Chaitheadar an béalbhach as a mbéal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do bhrígh gur scaóil sé mo shlabhradh, agus gur bhuáidhir sé mé, do léigeadar fós an srían scaóilte romham. |
Ná bígí mar an each ná an mhiúil, gan chiall gan tuiscint. Mura gcoisctear le béalbhach agus srian iad ní thiocfaidh siad i do chóngar.
An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an chreidimh; is fánach é a chleachtadh creidimh.
Oir d'imigh mé liom sách agus thug an Tiarna abhaile mé seang. Cad ab áil libh ag tabhairt Náoimí orm dá bhrí sin, mar thug an Tiarna fianaise i m'aghaidh, agus rinne an tUilechumhachtach mé a chiapadh?”