Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 30:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Tá an ghráin acu orm agus seachnaíonn siad mé. Ní scorn leo seile a chaitheamh san aghaidh orm.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Dfuathuigheadar mé, teithid síad a bhfad uáim, ní choiglid gabháil do sheilighibh am éudan.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 30:10
15 Tagairtí Cros  

Mar sin a rinne sé nath díom i measc na gciníocha; Níl ionam ach créatúr le seile a chaitheamh san aghaidh air.


Is fuath le mo chairde cléibh mé, Agus an mhuintir dá dtug mé grá, d'iompaigh siad i m'aghaidh.


Ar an ábhar sin, séanfaidh mé mo bhriathra féin, Agus déanfaidh mé aithrí sa deannach agus sa luaithreach.


Luíonn do dhíbheirg go trom orm; tá mé báite faoi do thonnta go léir.


Bíonn fuath ag a dheartháireacha go léir don bhochtán, nach mó ná sin mar a theitheann a chairde uaidh. ...Bíonn focail de dhíth air, ach ní bhíonn siad ar láimh aige.


Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte agus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam; níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla ná ar sheile.


agus a leiceann a iompú chun an té a bhuaileann é agus masla ar mhuin masla a fhulaingt.


D'oscail ár naimhde go léir a mbéal inár n‑aghaidh.


In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Mura ndéanfadh a hathair ach seile a chaitheamh san aghaidh uirthi, nach mbeadh sí ina ceap náire ar feadh seacht lá? Cuirtear ar leithrigh amach ón gcampa í ar feadh seacht lá, agus ansin ina dhiaidh sin tugtar isteach arís í.”


Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí scrioptúir na bhfáithe. Ansin thug na deisceabail uile a gcúl leis agus theith siad.


Ansin chaith siad seile san aghaidh air, agus ghabh siad de dhoirne air, agus bhí cuid acu a bhuail lena mbasa é


Agus chaith siad seilí air agus bhí siad á bhualadh sa cheann leis an ngiolcach.


ansin téadh bean a dhearthár chuige i láthair na seanóirí agus baineadh sí an cuarán dá chois, agus caitheadh sí seile san aghaidh air, agus abradh sí: ‘Sin í an íde a thugaimid ar an té nach gcothaíonn teach a dhearthár,’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí