Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Rut 1:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Oir d'imigh mé liom sách agus thug an Tiarna abhaile mé seang. Cad ab áil libh ag tabhairt Náoimí orm dá bhrí sin, mar thug an Tiarna fianaise i m'aghaidh, agus rinne an tUilechumhachtach mé a chiapadh?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Do chuáidh mé amach lán, agus thug an TIGHEARNA don bhaile mé a rís folumh: uime sin cred fa ngoirthí Naomi dhíom, ó rinne an TIGHEARNA fiaghnuise a maghaidh, agus gur smachduigh an Tuilechumhachdach mé?

Féach an chaibidil Cóip




Rut 1:21
8 Tagairtí Cros  

á rá: “Tarrnocht a tháinig mé as broinn mo mháthar, Agus tarrnocht a fhillfidh mé inti arís. An Tiarna a bhronn orm, agus an Tiarna a rug uaim. Moladh le hainm an Tiarna.”


Tugann tú finnéithe nua i mo choinne Agus méadaíonn tú do mhíshásamh liom. Saothar dian mar thuarastal arís is dán dom.


Óir scríobhann tú nithe searbha i m'aghaidh, Agus greamaíonn tú cionta m'óige díom;


D'éirigh sé mar fhinné i mo choinne, Mar chúlghearrthóir, ag tabhairt fianaise i m'aghaidh.


De bhrí gur bhain Dia mo chumas díom, agus gur threascair sé mé, Chaitheadar an béalbhach as a mbéal.


Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.


an mbeadh sibh sásta fanacht nó go bhfásfaidís? An bhfanfadh sibh gan pósadh chuige sin? Ná déanaigí, a ógmhná, mar go ngoillfeadh sé go mór orm ar bhur son-sa gur tógadh lámh an Tiarna i mo choinne.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí