Iób 3:24 - An Bíobla Naofa 1981 Mar bhia tagann chugam m'osnaíl Agus scaoiltear le m'uchláin ina dtuile. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír thig mo uchbhadhach súil ithim, agus mo núalghubha ar na ndórtadh amach amhuil uisceadha. |
Diúltaíonn m'anam a shuaimhneas a cheapadh; tá breoiteacht mo choirp á shuaitheadh.
Bíonn m'eascairde do mo mhaslú de shíor; agus bíonn m'ainm ina eascaine ag mo naimhde.
A Dhia na slua, cá fhad a bheidh tú ar buile, ar a shon go bhfuil do phobal ag guí?
Tá muid uile ag gnúsacht mar bheadh béir ionainn, ag ochlán agus ag éagaoin ar nós colúr. Tá ár súil leis an gceart - ach ní ann dó, le fuascailt, ach is fada uainn í.
Fiú amháin nuair a scread mé air ag lorg cabhrach, thug sé an chluas bhodhar do m'achainí.
Thionóil Iosrael go léir dá bhrí sin i Mizpeá, agus tharraing siad uisce agus dhoirt siad ansiúd é i láthair an Tiarna. Rinne siad troscadh an lá sin agus d'fhógair siad: “Pheacaíomar in aghaidh an Tiarna.” Agus bhí Samúéil ina bhreitheamh ar chlann Iosrael i Mizpeá.