Iób 28:3 - An Bíobla Naofa 1981 Cuireann an duine deireadh le dorchadas. Déanann sé an charraig dhorcha dhubhach a pholladh Síos go híochtar agus go grinneall. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cinnidh duine críoch don dorchadus, agus spíonuidh amach a nuile iomláine: clocha an dorchadais, agus scáile an bháis. |
Déanann muintir an lampa mianaigh a thochailt, In áiteanna atá gan teannta don chois, Agus bíonn siad ar cheann téide i gcéin ó dhaoine.
Gura seilbh dhílis ag gruaim agus ag scáil an bháis é! Go luí na scamaill air, Agus go scanraí urú an lae é!
Má lorgaíonn tú í mar a lorgófá airgead, má chuardaíonn tú í mar a chuardofá stór folaithe,
agus le barr eagna chuir mé m'intinn ag obair chun cuardach agus taighde a dhéanamh i dtaobh an uile ní a dhéantar faoi na spéartha - diansaothar dólásach é seo a leag Dia ar dhaoine chun iad a chrá.
Nach é toil Dhia na Slua é gur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil? agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha.
Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.
Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais.