Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 2:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Má lorgaíonn tú í mar a lorgófá airgead, má chuardaíonn tú í mar a chuardofá stór folaithe,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Má íarrair í amhuil airgiod, agus go spíonfuidh tú da híarruidh mar ionnmhusaibh foluightheacha;

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 2:4
20 Tagairtí Cros  

An lá ceannann céanna tháinig daoir Íosác chuige le scéala an tobair a thochail siad. “Thángamar ar uisce,” ar siad.


An drong a shantaíonn an bás ach gan é a theacht Agus gur mó a dtóir air ná ar chiste folaithe;


Ar an ábhar sin is ansa liom d'aitheanta, ná an t‑ór is mine.


Gairdím i slí d'fhorálacha amhail san uile shaibhreas.


Is fearr liom go mór fada dlí do bhéilse ná na mílte d'ór agus d'airgead.


Is íon í eagla an Tiarna, maireann sí go deo; is fíor iad reachtanna an Tiarna, táid uile go cóir.


Is fearr an eagna a aimsiú ná an t‑ór; tóg tuiscint mar rogha thar an airgead.


Sea, má ghlaonn tú chugat an grinneolas, má scairteann tú ar an tuiscint,


Ná déan an fhírinne riamh a dhíol, ach í a cheannach, mar an gcéanna le heagna, le smacht, agus le tuiscint.


Tús na heagna, an eagna a ghnothú: faigh an tuiscint mar sin fiú má chosnaíonn sí a bhfuil agat.


Tugaim grá don mhuintir a thugann grá dom, agus an mhuintir a lorgaíonn mé, faigheann siad mé.


fear agus é ina aonar, gan chara, gan mhac, gan bhráthair; é ag obair agus ag luain gan sos agus gan a shúile sásta riamh lena mhaoin. “Cé ar a shon,” ar seisean, “a bhfuil mé ag saothrú liom agus ag ceilt an aoibhnis orm féin?” Go deimhin, is baois é seo agus saothar in aisce.


“Is cosúil ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a d'aimsigh é d'fholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.


Agus duine ar bith a d'fhág tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha, nó athair nó máthair, nó bean, nó clann, nó tailte mar gheall ar m'ainm, gheobhaidh sé níos mó faoi chéad agus an bheatha shíoraí mar oidhreacht.


Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí