Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 2:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Sea, má ghlaonn tú chugat an grinneolas, má scairteann tú ar an tuiscint,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Má éighionn tú fós a ndiáigh éoluis, agus go ttóigfe tú do ghuth súas chum na tuigsiona;

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 2:3
15 Tagairtí Cros  

Agus fairis sin go dtuga sé eagna agus tuiscint duit, i dtreo, nuair a chuirfidh sé i bhfeighil Iosrael thú, go gcoimeádfaidh tú dlí an Tiarna do Dhia.


Is mé do ghiolla, tabhair teagasc dom, ionas gurab eol dom d'fhorálacha.


Go dtaga mo ghlór chugat, a Thiarna; tabhair tuiscint dom de réir do bhriathair.


Déan mo theagasc d'fhonn do dhlí a chomhlíonadh agus a choimeád ó chroí.


Do lámha a rinne agus a chruthaigh mé; múin dom d'aitheanta a fhoghlaim.


Sa chaoi go dtugann tú cluas don eagna, agus go gclaonann tú do chroí chun na tuisceana,


Má lorgaíonn tú í mar a lorgófá airgead, má chuardaíonn tú í mar a chuardofá stór folaithe,


Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú, agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.


Éistigí, a chlann mhac, le teagasc athar; tugaigí aird agus foghlaimigí céard í an tuiscint ghrinn.


Tugaim grá don mhuintir a thugann grá dom, agus an mhuintir a lorgaíonn mé, faigheann siad mé.


Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?”


Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí