Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 2:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Sa chaoi go dtugann tú cluas don eagna, agus go gclaonann tú do chroí chun na tuisceana,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Iondus go ccláonfa tú do chlúas chum na heagna, agus go ttinbhra tú do chroidhe don tuigsin;

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 2:2
15 Tagairtí Cros  

Múin dúinn giorra shaoil an duine chun go bhfaighimid críonnacht inár gcroí.


An té a mhaireann leis féin, déanann sé mar is rogha leis agus cuireann [comhairle d'aon sórt] fearg air.


Sea, má ghlaonn tú chugat an grinneolas, má scairteann tú ar an tuiscint,


Cuir do chroí sa teagasc, agus tabhair cluas do bhriathra na gaoise.


Éistigí, a chlann mhac, le teagasc athar; tugaigí aird agus foghlaimigí céard í an tuiscint ghrinn.


Tabhair aird ar mo bhriathra, a mhic, agus éist go cúramach le briathra mo bhéil.


Ach níl splinc céille ag an adhaltrach; déan mar é, agus scriosfaidh tú thú féin.


Leag mé m'intinn ar an eagna agus ar an gcruinnmheastóireacht faoi chúrsaí an tsaoil a thuiscint agus a thaighde agus a thóraíocht agus d'aithin mé gur díth céille í an mhailís agus gur deargbhuile í an amaidí.


Nuair a leag mé m'intinn ar an eagna a fháil agus ar na gnóthaí uile a bhíonn ar siúl ar talamh a scrudú,


Chonaic mé é sin go léir nuair a leag mé m'intinn ar a ndéantar abhus faoi luí na gréine, nuair a smachtaíonn duine amháin duine eile chun a aimhleasa.


Tugaigí cluas agus tagaigí chugam, éistigí agus beidh bhur n‑anam saolach. Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo, an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.


A té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”


Bhí na Giúdaigh seo ní ba leathanaigeanta ná Giúdaigh Theasaloinicé. Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr féachaint an raibh an scéal mar a dúradh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí