Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 3:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Gura seilbh dhílis ag gruaim agus ag scáil an bháis é! Go luí na scamaill air, Agus go scanraí urú an lae é!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agradh dorchadas agus scáile an bháis é; comhnuigheadh néull air; úambnuigheadh dorchadas an laé é.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 3:5
25 Tagairtí Cros  

Tá mo cheannaithe craorag le neart goil, Agus tá gruaim mar ualach ar fhabhraí mo shúl.


Dóibh go léir, sí an mhaidin an tráth is dorcha, Mar is eol dóibh a huafáis.


Cuireann an duine deireadh le dorchadas. Déanann sé an charraig dhorcha dhubhach a pholladh Síos go híochtar agus go grinneall.


Gura dorchadas an lá sin! Nár chuire Dia in Airde aon spéis ann! Nár lonraí solas air.


Go bhfaighe dorchadas tiubh greim ar an oíche úd, Nár [chuirtear] í le laethe na bliana, Nár áirítear i le líon na míonna!


Níl dorchadas ná scáil bháis ann, Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach.


Ar nochtadh duit doirse an éaga Nó an bhfaca tú geataí scáil an bháis?


Bhí siad ina suí sa duifean agus sa dorchacht, i gcuibhreacha na hainnise agus an iarainn,


Thug sé amach as an duifean agus an dorchacht iad; agus réab sé a gcuibhreacha ó chéile.


Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t‑olc agus tú faram le do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom.


ná ní dheachaigh ár gcroí ar gcúl, ná ní dheachaigh ár gcosa ar seachrán uait,


Chuir tú go mór lena n‑áthas, mheadaigh tú ar a lúcháir; tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair, mar a dhéanann in aimsir an fhómhair, amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.


Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh.


Ní dúirt siad riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna, a thug aníos sinn as tír na hÉigipte, a threoraigh sinn tríd an bhfiántas, trí fhearann lom fásaigh, tír thriomaigh dhorcha, tír nach siúlann aon taistealaí agus nach bhfuil cónaí duine ann?’


Is uime seo a chaoinfidh an talamh agus éireoidh na spéartha thuas dubh. Óir tá sé raite agam, is é atá curtha romham, ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.”


Óir tá an lá ar láimh, tá lá an Tiarna ar láimh; lá dorcha, scamallach a bheidh ann, deireadh ré do na ciníocha.


Dála mar a bhíonn cúram na gcaorach ar an tréadaí a fhanann i lár an tréada scaipthe ar fán, coinneoidh mise súil ar mo chaoirigh. Déanfaidh mé iad a fhuascailt ó cibé áit ina ndeachaigh siad ar seachrán sa cheo agus sa dorchadas.


Lá dorchadais agus doiléire! Lá scamall agus dúnéalta! Ar nós na camhaoire tá scaoth líonmhar láidir ag leathadh thar na sléibhte; ní raibh a leithéid ann riamh ná ní bheidh a leithéid ann arís go ceann na gcianta cairbreacha.


Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon, a dhéanann solas de dhuibhe na hoíche agus a dhorchaíonn arís an lá, a ghaireann ar uiscí na farraige agus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún; an Tiarna is ainm dó.


Déanfaidh mé údar bróin de bhur n‑oilithreachtaí agus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile; cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach, agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir. Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh; agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh.


an pobal a bhí ina suí sa dorchadas, chonaic siad solas mór, an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis, d'éirigh solas chucu.”


chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis; chun ár gcéimeanna a sheoladh i mbóthar na síochána.”


Tháinig sibh i ngar agus sheas ag bun an tsléibhe; las an sliabh le tine go crioslach nimhe, agus é faoi bhrat dorchadais, néil agus scamaill.


Ní amhlaidh atá sibh tar éis teacht go dtí rudaí somhothaithe, mar atá, scamall dúdhorcha agus duifean agus speirling,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí