Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 12:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Nochtann sé rúin as an dorchadas, Agus tugann an scáil dhorcha chun solais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Foillsighidh sé neithe domhne as an dorchadas, agus do bheir sé amach chum soluis scáile an bháis.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 12:22
15 Tagairtí Cros  

“Níl aon duine againn, a thiarna mo rí,” arsa duine dá fheidhmeannaigh, “ach is é Eilíseá, an fáidh in Iosrael, a fhoilsíonn do rí Iosrael gach a ndeir tú i do sheomra codlata.”


Agus rúin na heagna a nochtadh duit! Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaí Atá do choirpeacht á cúiteamh aige leat.


Dóibh go léir, sí an mhaidin an tráth is dorcha, Mar is eol dóibh a huafáis.


Gura seilbh dhílis ag gruaim agus ag scáil an bháis é! Go luí na scamaill air, Agus go scanraí urú an lae é!


Níl dorchadas ná scáil bháis ann, Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach.


Má deirim go bhfolóidh an dorchacht mé, agus go mbeidh solas an lae ina oíche umam,


ní dorcha leatsa an dorchacht: is comhsholas duit lá agus oíche.


Dá ndéanaimis dearmad ar ainm ár nDé nó dá leathaimis ár lámha chun dé eile,


Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon, a dhéanann solas de dhuibhe na hoíche agus a dhorchaíonn arís an lá, a ghaireann ar uiscí na farraige agus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún; an Tiarna is ainm dó.


Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air.


chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis; chun ár gcéimeanna a sheoladh i mbóthar na síochána.”


Is dúinne a nocht Dia [na nithe seo] le cabhair an Spioraid. Scrúdaíonn an Spiorad gach uile ní, fiú duibheagáin Dé féin.


Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí