Bhí radharc aige uirthi, agus cheap sé a fiúntas; Thug breith uirthi agus ghrinnscrúdaigh í.
Iób 28:26 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a leag sé síos reacht don bháisteach, Agus cosán le leanúint don toirneach, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A nuáir do rinne sé órdughadh do nfearthuinn, agus slighe do theinntigh na tóirnighe: |
Bhí radharc aige uirthi, agus cheap sé a fiúntas; Thug breith uirthi agus ghrinnscrúdaigh í.
Eisean a chuireann srian leis an mbáisteach Agus déanann sé na ceathanna a scaipeadh ina gceo;
Cé a thuigfeadh conas a leathann sé na scamaill, Nó a bhriseann an toirneach óna phailliún?
Cuireann sé an taise mar ualach ar na néalta; Agus scaipeann na scamaill toirní a thintreach.
Scaoileann sé a thintreach ar feadh stua na spéire, Agus sroicheann sí go himeall na cruinne.
Búireann a ghuth ina diaidh, Agus torann maorga a thoirní. Ní chuireann sé srian lena [thintreach], Go dtí nach mbíonn a ghlór le clos a thuilleadh.
Óir deir sé leis an sneachta: “Tit ar an talamh!” Agus leis an tulca báistí: “Treise ort!”
Le go dtitfeadh uisce ar fhearann gan áitreabh daoine, Ar an bhfásach atá gan duine ann,
I dtreo go sásaítear an díthreabh uaigneach, Agus go n‑eascrann an féar glas ón talamh a bhí tirim.
Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne; déanann sé fearthainn le saighneáin tine; tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.
A thine is a chloichshneachta, a shneachta is a cheobhrána, a anfaí gaoithe a chomhlíonann a bhriathar,
Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair, roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód.
An bhfuil aon cheann de dhéithe na bpágánach a thabharfadh fearthainn? An bhféadann na spéartha ceathanna a thabhairt? Ach is tusa féin é, a Thiarna. Ó a Dhia linn, is tú ár ndóchas, is tú a dhéanann gach ní acu seo.
Choinnigh mé uaibh an fhearthainn fosta, agus an fómhar trí mhí fós ar shiúl; thug mé air fearthainn a chur ar chathair amháin agus gan a chur ar chathair eile; bhí sé ag cur ar pháirc amháin agus an pháirc nár tháinig fearthainn uirthi chríon sí.
Iarraigí fearthainn ar an Tiarna i séasúr fhearthainn an earraigh; óir, is é an Tiarna a dhéanann na néalta doininne. Tabharfaidh sé ceathanna báistí daoibh agus cuirfidh sé féar ag fás i bpáirc an uile dhuine.