Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 135 - An Bíobla Naofa 1981


Moladh leis an Tiarna

1 Alleluia. Molaigí ainm an Tiarna; molaigí é, a lucht fónaimh an Tiarna,

2 a bhíonn in bhur seasamh i láthair an Tiarna, i gcúirteanna áras ár nDé.

3 Molaigí an Tiarna toisc gur maith é an Tiarna; canaigí Salm dá ainm toisc gur grámhar é;

4 Óir roghnaigh an Tiarna Iacób, agus Iosrael ina sheilbh dó féin.

5 Óir is eol dom gur mór é an Tiarna, ina Dhia os cionn na ndéithe go léir.

6 Déanann sé a dtaitníonn leis ar neamh is ar talamh, ar muir agus in íochtar na farraige.

7 Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne; déanann sé fearthainn le saighneáin tine; tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.

8 Bhuail sé céadghin na hÉigipte, idir dhaoine agus bheithígh in éineacht.

9 Rinne sé comharthaí agus tuartha i gceartlár do thíre, a Éigipt in aghaidh Fhorainn is a lucht fónaimh go léir.

10 Bhuail sé a lán de na ciníocha; agus mharaigh sé ríthe cumhachtacha -

11 Síochon, rí na nAmórach agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán, agus ríthe Chanán go léir.

12 Agus thug sé a dtalamh mar oidhreacht, mar oidhreacht do Iosrael, a phobal.

13 Maireann d'ainm de shíor, a Thiarna, agus do chuimhne ó ghlúin go chéile.

14 Óir déanfaidh an Tiarna a phobal a chosaint; agus glacfaidh sé trua dá lucht fónaimh.

15 Ór agus airgead íola na gciníocha, saothar lámh na ndaoine.

16 Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt; tá súile acu ach ní fheiceann siad dada;

17 tá cluasa orthu ach ní chluineann siad smid; ná níl puth anála ina mbeola.

18 Is cosúil leo féin lucht a ndéanta; agus a gcuireann a ndóchas iontu.

19 A theaghlach Iosrael, tabhair moladh don Tiarna; a theaghlach Árón, tabhair moladh don Tiarna;

20 a theaghlach Léiví, tabhair moladh don Tiarna; a lucht adhartha an Tiarna, tabhair moladh dó.

21 Moladh leis an Tiarna as Síón; tá cónaí air in Iarúsailéim!

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí