Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 36:32 - An Bíobla Naofa 1981

32 Cnuasaíonn sé an tintreach ina mhám, Agus tugann treoir di i leith na sprice.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Lé na neúluibh fholcus sé an solus; cuirigh sé dfiachaibh air gan déalrughadh leis an néull thig eatorra.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 36:32
12 Tagairtí Cros  

Chlúdaigh sé aghaidh na [lánré], Agus leath sé a néal thairsti.


Cuireann sé an taise mar ualach ar na néalta; Agus scaipeann na scamaill toirní a thintreach.


Treoraíonn sé féin a gcúrsa timpeall, Agus stiúraíonn sé a n‑athruithe sa séasúr. Géilleann siad dá orduithe go beacht Ar fud an domhain mhóir,


An eol duit conas a dhéanann Dia iad a smachtú, Agus conas a spréachann a néal an tintreach uaidh?


An dtiocfaidh na splancanna tintrí ag géilleadh do do bhriathar Agus a rá: “Anseo dúinn!”?


Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne; déanann sé fearthainn le saighneáin tine; tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.


A thine is a chloichshneachta, a shneachta is a cheobhrána, a anfaí gaoithe a chomhlíonann a bhriathar,


Tháinig sé ag marcaíocht ar cheiribín agus é ag eitilt ar eiteoga na gaoithe.


Scaoil sé a shaigheada agus scaip iad, agus chaith a chaora tine gur threascair iad.


Ar feadh mórán laethanta ní raibh grian ná réalta le feiceáil ach an t‑anfa dár ngreadadh go dian agus gan súil ar bith againn go dtiocfaimis slán.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí