Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 36:27 - An Bíobla Naofa 1981

27 Eisean a chuireann srian leis an mbáisteach Agus déanann sé na ceathanna a scaipeadh ina gceo;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Oír do ní sé na braóin uisge beag: dóirtid síad a núas fearthuinn do réir a ccéo:

Féach an chaibidil Cóip




Iób 36:27
19 Tagairtí Cros  

Nuair a leag sé síos reacht don bháisteach, Agus cosán le leanúint don toirneach,


Is éachtach é Dia, agus sáraíonn sé ár n‑eolas; Níl áireamh ar líon a bhlianta.


Bíonn na scamaill á sceitheadh Ina dtuilte ar an gcine daonna.


Tugann an toirneach rabhadh é bheith ag teacht; Faigheann an fhearg an lámh in uachtar ar an urchóid.


Cuireann sé an taise mar ualach ar na néalta; Agus scaipeann na scamaill toirní a thintreach.


Óir deir sé leis an sneachta: “Tit ar an talamh!” Agus leis an tulca báistí: “Treise ort!”


An dtig leat do ghuth a ardú chun na néalta, Agus iallach a chur ar na tuilte teanntaithe uisce [do thoil a dhéanamh]?


Dáileann sé fearthainn ar an talamh Agus seolann uiscí ar na bánta.


(Déanann seisean éachtaí gan áireamh, Iontais nach féidir a ríomh.)


an té a chlúdaíonn na spéartha le néalta; agus a thugann an fhearthainn don talamh. Cuireann sé an féar ag fás ar na sléibhte; agus luibheanna chun fónamh don duine.


A thine is a chloichshneachta, a shneachta is a cheobhrána, a anfaí gaoithe a chomhlíonann a bhriathar,


Bhrúcht na duibheagáin le barr a eolais, agus fearann na scamaill an drúcht ar an talamh.


Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú, agus sceacha agus driseacha ag fás air. Crosfaidh mé ar na néalta an fhearthainn a fhearadh air.


Nuair a dhéanann sé toirneach bíonn tormán uisce sna flaithis; tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún, déanann tintreach le haghaidh na fearthainne agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.


An bhfuil aon cheann de dhéithe na bpágánach a thabharfadh fearthainn? An bhféadann na spéartha ceathanna a thabhairt? Ach is tusa féin é, a Thiarna. Ó a Dhia linn, is tú ár ndóchas, is tú a dhéanann gach ní acu seo.


Iarraigí fearthainn ar an Tiarna i séasúr fhearthainn an earraigh; óir, is é an Tiarna a dhéanann na néalta doininne. Tabharfaidh sé ceathanna báistí daoibh agus cuirfidh sé féar ag fás i bpáirc an uile dhuine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí