28 Bíonn na scamaill á sceitheadh Ina dtuilte ar an gcine daonna.
28 Noch shilid na néulla agus dhóirtid ar dhuine go lionmhair.
Eisean a chuireann srian leis an mbáisteach Agus déanann sé na ceathanna a scaipeadh ina gceo;
Cé a thuigfeadh conas a leathann sé na scamaill, Nó a bhriseann an toirneach óna phailliún?
An bhfuil athair ag an mbáisteach? Nó cé a ghin na cruinneaga drúchta?
An dtig leat do ghuth a ardú chun na néalta, Agus iallach a chur ar na tuilte teanntaithe uisce [do thoil a dhéanamh]?
Is mar sin a ullmhaíonn tú an talamh, ag tabhairt uisce dá claiseanna. Déanann tú a bogadh le ceathanna; beannaíonn tú a geamhair.
Bhrúcht na duibheagáin le barr a eolais, agus fearann na scamaill an drúcht ar an talamh.