2 Éist le glór a ghutha, Agus leis an tormán a thagann as a bhéal.
2 Eist go friochnamhach fuáim a ghotha, agus an tormán theíd amach as a bhéul.
Rinne an Tiarna toirneach ó na spéartha agus ba chlos glór an té is airde.
Nuair a leag sé síos reacht don bháisteach, Agus cosán le leanúint don toirneach,
Cé a thuigfeadh conas a leathann sé na scamaill, Nó a bhriseann an toirneach óna phailliún?
Tugann an toirneach rabhadh é bheith ag teacht; Faigheann an fhearg an lámh in uachtar ar an urchóid.
Suaitheann sé seo mo chroí féin, Agus preabann sé anonn ionam.
Búireann a ghuth ina diaidh, Agus torann maorga a thoirní. Ní chuireann sé srian lena [thintreach], Go dtí nach mbíonn a ghlór le clos a thuilleadh.
Is éachtach mar a bhúireann Dia le tormán a ghutha, Agus is iontach na bearta dothuigthe a dhéanann sé.
D'fhreagair an Tiarna Iób ansin as an anfa gaoithe agus dúirt:
An bhfuil neart Dé i do láimhse, An bhfuil glór toirní agat mar atá aigesean?
Theith siad nuair a rinne tú a gcáineadh; ghabh eagla iad roimh thorann do thoirní.
Nuair a dhéanann sé toirneach bíonn tormán uisce sna flaithis; tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún, déanann tintreach le haghaidh na fearthainne, agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.