An oíche cheannann chéanna ghabh aingeal an Tiarna amach agus bhásaigh sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Go moch lá arna mhárach nuair a bhí sé in am éirí, b'shiúd ansin iad go léir faon marbh.
Iób 27:20 - An Bíobla Naofa 1981 Tiocfaidh uafáis sa mhullach air mar thuile, Agus fuadóidh stoirm é san oíche. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Glacaidh critheagal greim air amhuil uisceadha, gadaidh stoirim as é annsa noidhche. |
An oíche cheannann chéanna ghabh aingeal an Tiarna amach agus bhásaigh sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Go moch lá arna mhárach nuair a bhí sé in am éirí, b'shiúd ansin iad go léir faon marbh.
Tá glórtha bagracha ina chluasa Agus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh.
Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall, Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.
(Nuair a líon sé a bholg...) Scaoilfidh Dia fraoch loiscneach a fheirge go léir air, Agus fearfaidh sé neascóidí ar a chorp.
Baileoidh sé leis ar nós brionglóide agus ní bheidh fáil air. Imeoidh sé leis dála aisling oíche.
Sciobadh iadsan ar shiúl in antráth, Agus scaoileadh abhainn thar a láithreacha boinn.
Deir sibh: “Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n‑uiscí; Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh. Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce.
Faigheann siad bás i bprapadh na súl; Dá thábhachtaí iad, éagann siad i lár na hoíche, Ní [aon nath leis] tíoránach a chur ar an éadreoir;
Tá m'anam go buartha istigh ionam, is ort a bhím ag cuimhneamh ó thír na Iordáine, ó Hearmón, agus fós ó Shliabh Mizeár.
cuir an ruaig orthu siúd le do dhoineann; cuir sceimhle agus scanradh orthu le do stoirm.
I lár na hoíche bhuail an Tiarna gach céadghin i dtír na hÉigipte, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin an chime sa charcair agus gach céadghin de chuid an eallaigh.
“Nuair a bhí mé i gcruachás, scread mé ar an Tiarna, agus thug sé cluas do mo ghuí; ó bhroinn an Bháis ghlaoigh mé ort agus d'éist tú le mo ghuth.