D'fhág an rí go raibh airgead chomh coitianta céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.
Iób 27:16 - An Bíobla Naofa 1981 Cruinníodh sé airgead mar luaithreach, Agus cnuasaíodh sé éadach mar chré. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Bíodh go gcrúachfadh sé súas airgiod mar an luáithreadh, agus go ngléusfadh sé éadach mar an lathuigh; |
D'fhág an rí go raibh airgead chomh coitianta céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.
Ní bheidh sé saibhir, ná ní mhairfidh a mhaoin, Ná ní leathfaidh a [scáth] i bhfad eile ar talamh.
Beidh a mhic faoi leatrom le barr bochtanais, Agus déanfaidh a chlann a mhaoin a aisíoc.
Déanfaidh an bás an mhuintir a bheidh fágtha a adhlacadh, Agus ní dhéanfaidh a mbaintreacha olagón.
Bíodh aige! Ach is duine cóir a chaithfidh, Agus roinnfear a chuid airgid ar an muintir ionraic.
Fágann an fear maith oidhreacht ag sliocht a shleachta; ach is ar mhaithe leis an bhfíréan a bhíonn maoin an pheacaigh á cnuasach.
Nach ndéanfaidh na daoine seo go léir aoir mar gheall air? Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach: Is é a déarfaidh siad: “Is mairg don fhear a charnann nithe nach leis féin iad - cá fhad eile? - agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.”
Déanaigí olagón, a áitritheoirí an Mhoirtéir; mar díothófar an lucht trádála go léir agus scuabfar chun siúil lucht meáite uile an airgid.
Tá an Tuír tar éis daingean a thógáil di féin, agus airgead a charnadh mar dheannach, agus ór a chnuasach mar lathach na sráideanna.
“Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh mar a mbíonn an leamhan agus an mheirg á mhilleadh agus na bithiúnaigh ag briseadh isteach á ghoid.