Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.
Iób 22:3 - An Bíobla Naofa 1981 An aon bhuntaiste é don Uilechumhachtach thú a bheith fíréanta? Nó an aon mhaith dó thú a bheith gan locht i do bhearta? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An bhfuil sólás ar bith do Nuile chumhachtach, thusa do bheith ionnruic? nó an tarbha dhó, thusa do dhéanamh do shlightheach iomlán? |
Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.
Cad ab áil linn bheith ag fónamh don Uilechumhachtach, Agus cén tairbhe a bheidh againn má ghuímid chuige?”
An féidir d'aon duine tairbhe a dhéanamh do Dhia Le go ndéanfadh an t‑eagnaí tairbhe dó?
An de bharr do dhúthrachta a chuireann sé pionós ort Agus a théann sé chun breithiúnais leat?
Mar nár dhúirt sé: “Saothar in aisce é Do dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.”
Má bhíonn tú fíréanta, cad a bhronnann tú air? Agus cad a fhaigheann sé ó do láimh?
Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí; is geal leis an mhuintir nach cam cosán.
Is fuath leis an Tiarna beola an éithigh; ach is gean leis lucht labhartha na fírinne.
Más eagnaí thú, téann sin chun do thairbhe; más fonóidí thú, tú féin amháin a bheidh thíos leis.
Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: “Conas a chuirimid tuirse air?” Trína rá: “Cibé ar bith duine a dhéanann an t‑olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige”; nó: “Cá bhfuil Dia na córa?”
Déanaim mo dhícheall sa ghnó seo ar choinsias glan a bheith agam i gcónaí i bhfianaise Dé agus daoine.
Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.
Tá mo dhóthain agamsa anois agus breis. Tá flúirse agam ó fuair mé bhur síntiús ó Eapafraidíteas. Is geall le boladh cumhra an síntiús sin nó le híobairt thaitneamhach a shásódh Dia.