Ansin ghuigh Iahóácház chun an Tiarna, agus d'éist an Tiarna leis, mar go bhfaca sé an inghreim a bhí á dhéanamh ag rí Arám ar chlann Iosrael.
Iób 22:27 - An Bíobla Naofa 1981 Guífidh tú chuige, agus éistfidh sé leat, Agus comhlíonfaidh tú do mhóide. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do dhéana tú do ghuidhe chuige, agus éistfidh sé riot, agus díolfuidh tú do mhóide. |
Ansin ghuigh Iahóácház chun an Tiarna, agus d'éist an Tiarna leis, mar go bhfaca sé an inghreim a bhí á dhéanamh ag rí Arám ar chlann Iosrael.
Ghlaoigh Iabaez ar Dhia Iosrael á rá: “Má chuireann tú do bheannacht orm dáiríre, cuirfidh tú breis le mo chríocha, beidh do lámh le m'ais, déanfaidh tú mé a chumhdach ón olc agus beidh deireadh le mo bhroid.” Dheonaigh Dia dó gach ar iarr sé.
Ghuigh sé chuige agus thug seisean cluas dó agus d'éist lena urnaithe agus thug ar ais go Iarúsailéim agus chun a ríochta é. Thuig Manaise ansin gur Dia é an Tiarna.
Guíonn sé chun Dé agus tugann seisean aird air; Agus feiceann sé a ghnúis agus lúcháir air, Agus fógraíonn sé don saol scéal a shaortha;
I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé] Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.
Má bhíonn tú íon ionraic, Ansin músclóidh sé ar do shon, Agus deiseoidh sé áitreabh d'fhíréantachta.
Mo thrua gan mé i mo chónaí i do phuball go brách na breithe, chun go bhfaighe mé díon agus dídean faoi scáth do sciathán. Selah
Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: “Táim i d'fhochair.” Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha.
Ansin, má ghlaonn tú, tabharfaidh an Tiarna freagra ort; nuair a scairtfidh tú, déarfaidh sé: “Seo anseo mé.” Má dhíbríonn tú an leatrom as do chúrsaí, bagairt na méire agus an chaint urchóideach,
Ansin nuair a ghlaoifidh sibh ormsa, nuair a thiocfaidh sibh chun impí ormsa, éistfidh mé libh.
Má thugann tú móid don Tiarna do Dhia ná bí mall á comhlíonadh, óir éileoidh an Tiarna do Dhia ort í go cinnte, agus ba pheaca í a dhiúltú.