Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 27:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 An é an tUilechumhachtach is gean leis? An gcuireann sé a ghuí i gcónaí chun Dé?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 An ccuirfe sé a dhúil ann sa Nuilechumhchdach? an ngoirfidh sé a ccomhnuighe air Dhía?

Féach an chaibidil Cóip




Iób 27:10
14 Tagairtí Cros  

A mhalairt! Taispeánfaidh mé daoibh cé mar oibríonn cumhacht Dé, Gan aon chuid de bheartais an Uilechumhachtaigh a cheilt.


Ach ní deir aon duine: “Cá bhfuil Dia, mo chruthaitheoir, An té a thugann fóirithint san oíche,


An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Níor ghlaoigh siad ar an Tiarna.


Má thugann tú taitneamh don Tiarna tabharfaidh seisean duit mian do chroí.


Triallfaidh mé ar altóir Dé, ar Dhia is cúis áthais dom; agus déanfaidh mé do mholadh ar an gcruit a Dhia, ón, a Dhia liom!


is ansin a bheidh d'aoibhneas sa Tiarna; cuirfidh mé i do mharcach thú ar mhullaí cosanta na tíre. Beathóidh mé thú le hoidhreacht Iacóib, d'athair, óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.


Ach lúcháirfidh mise sa Tiarna, déanfaidh mé gairdeas i nDia, mo Shlánaitheoir.


ach ní bhíonn fréamh aige ann féin, ach é neamhbhuan; an túisce is a thagann trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, cliseann air.


Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche:


Fear cráifeach ba ea é agus bhí sé féin agus a theaghlach ar fad ómósach do Dhia; thugadh sé déirc go fial don phobal agus dhéanadh guí chun Dé go buan.


Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí