Iób 21:26 - An Bíobla Naofa 1981 Luíonn siad le chéile sa chré, Agus brat cruimheanna orthu. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Luighfid síad araon ionann annsa chriáidh, agus foileachuid na péiste íad. |
Dá bhfeicfinn é ar scaradh le mo chneas, Dá bhfaighinn radharc ar mo Dhia agus mé díchollaithe,
Faigheann duine eile bás agus é searbh ó chroí, Gan aon aoibhneas riamh a bhlaiseadh.
Is maith is eol dom bhur smaointe Agus na bearta atá á dtaibhreamh daoibh i m'aghaidh,
Dhéanfadh an bhroinn a dhealbhaigh é dearmad air, Agus ní thabharfaí a ainm chun cuimhne a thuilleadh. Mar sin a bhascfaí an urchóid mar a dhéanfaí crann.”
Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas, Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth,
Slí na baothmhuiníne a slí siúd, críoch na droinge lenarb áil a maoin. Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe
Óir, is í an t‑aon chinniúint amháin atá i ndán do chách: don fhíréan agus don pheacach, don dea-dhuine agus don drochdhuine, don duine glan agus don duine neamhghlan, don duine a ofrálann íobairt agus don duine nach n‑ofrálann íobairt; is ionann cor don duine macánta agus don duine urchóideach, don té a mhionnaíonn go tobann agus don té a bhfuil eagla air mionn a thabhairt.
I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t‑aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d'urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh - agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.
Tá do phoimp caite síos go Seól, mar aon le ceol do chuid cláirseach; na péisteanna atá mar leaba fút agus na cnumhóga ina gclúdach os do chionn.