Tá mo cheannaithe craorag le neart goil, Agus tá gruaim mar ualach ar fhabhraí mo shúl.
Iób 17:7 - An Bíobla Naofa 1981 Tá mo shúile á gcaochadh le gruaim, Agus is geall le scáil mo ghéaga. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Atá fós mo shúil céodhach tre dhoilgheas, agus atáid mo bhoill uile amhuil scáile. |
Tá mo cheannaithe craorag le neart goil, Agus tá gruaim mar ualach ar fhabhraí mo shúl.
D'éirigh sé mar fhinné i mo choinne, Mar chúlghearrthóir, ag tabhairt fianaise i m'aghaidh.
Tá míola ag snámh ar mo chorp agus salachar ina bhrat air; Tá mo chraiceann ag scoilteadh agus ag leá leis.
Tá tuirse orm de dheasca m'osnaíola, ním mo leaba le mo dheora gach oíche; fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn.
Óir cé arb eol dó céard is maith don duine sa saol seo le linn gearrthéarma na beatha díomhaoine a chaitheann sé anseo ar nós scáile. Cé hé ar féidir dó a insint don duine cad a tharlóidh abhus faoi luí na gréine nuair a bheidh seisean imithe?