Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 17:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Mar sin a rinne sé nath díom i measc na gciníocha; Níl ionam ach créatúr le seile a chaitheamh san aghaidh air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Do rinne sé dhíomsa mar an gcéadna focal magaidh an phobail; agus do bhí mé am thiompan rompa.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 17:6
11 Tagairtí Cros  

Cén fáth ar theith tú faoi choim agus calaois a dhéanamh orm agus gan é a rá liom i dtreo go seolfainn uaim thú faoi lúcháir agus faoi chantaireacht, le tiompáin agus le cruiteanna.


ansin déanfaidh mé Iosrael a dhíbirt ón tír a thug mé dóibh agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m'ainm, agus beidh Iosrael ina sheanfhocal agus ina nath i measc na gciníocha go léir.


Is ceap magaidh mé do mo chairde, Mar glaoim ar Dhia agus súil agam le freagra! Níl san fhíréan gan locht ach ceap magaidh.


Tá lucht fonóide i mo thimpeall, Agus is í a mailís taibhreamh na súl oscailte agam.


Tá an ghráin acu orm agus seachnaíonn siad mé. Ní scorn leo seile a chaitheamh san aghaidh orm.


Sin iad an dream anois a bhfuilim mar ábhar amhrán acu! Táim i mo sceith béil acu.


Rinne tú ábhar achasáin dínn dár gcomharsana, cúis gháire dá mbíonn inár dtimpeall,


ceap aithise i mbéal na gciníocha agus ceap magaidh i measc na náisiún.


Nuair a chiap mé m'anam le troscadh chaith siad achasán liom dá chionn.


Níl ar a n‑aire ach cláirseacha agus cruitcheol, bodhráin agus feadóga, agus fíon a gcuid meisceoireachta. Ach obair an Tiarna, is beag a n‑aird uirthi, agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh.


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Mura ndéanfadh a hathair ach seile a chaitheamh san aghaidh uirthi, nach mbeadh sí ina ceap náire ar feadh seacht lá? Cuirtear ar leithrigh amach ón gcampa í ar feadh seacht lá, agus ansin ina dhiaidh sin tugtar isteach arís í.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí