Iób 16:16 - An Bíobla Naofa 1981 Tá mo cheannaithe craorag le neart goil, Agus tá gruaim mar ualach ar fhabhraí mo shúl. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Atá mo ghnúis gránna ó ghul, agus atá scáile an bháis ar fhordhubhuibh mo shúl; |
Bíonn m'eascairde do mo mhaslú de shíor; agus bíonn m'ainm ina eascaine ag mo naimhde.
Bhí dola an bháis i mo thimpeall, agus pianpháis na huaighe; casadh anró agus anacair i mo threo.
Níor thug tú suas do mo namhaid mé, ach thug tú cead mo chos dom go fada fairsing.
Mar a bhí scéin trath ar na sluaite ar a fheiceáil, (bhí sé chomh loite sin ina chuma - ní raibh cruth duine dhaonna air níos mó)
Sin an fáth a mbím ag caoi agus ag sileadh na súl go fuíoch Óir, is fada uaim aon sólásaí a mhúsclódh mo mheanma arís. Tá mo chlann mhac treascartha tréigthe mar is é an namhaid a rug an bua.
Agus dúirt sé leo: “Tá buaireamh mór ar m'anam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire.”