Tháinig Zidicíá mac Canáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”
Iób 16:10 - An Bíobla Naofa 1981 Tá a mbéal ar leathadh acu i mo choinne Agus bhuail siad mé sa leiceann go fonóideach; Tá rith an rása leo i m'aghaidh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chraososcladar orum le na mbéul; do bhuáileadar mé air an ngruáidh go scannlach; do chruinnigheadar íad féin a cceann a chéile am aghaidh. |
Tháinig Zidicíá mac Canáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”
Tháinig Zidicíá mac Chanáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill, agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”
Tá Dia do mo thabhairt suas don urchóideach, Agus do mo chaitheamh i lámha na gcoirpeach.
Ar dheis, tá an ghramaisc ag éirí i mo choinne, Agus ag caitheamh asachán [liom], Agus ag céimniú go bagrach i m'aghaidh.
Ach anois, ó tá mé san fhaopach cruinníonn siad faoi áthas. Tagann siad gan fhios orm, do mo bhualadh, ‘s iad ag tromaíocht gan scíth orm.
Cuireann siad mo bhriathra as a ríocht i gcónaí; níl de rún acu ach dochar a dhéanamh dom.
Tugann siad fogha faoi anam an fhíréin, agus daorann siad an neamhchiontach chun báis.
Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte agus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam; níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla ná ar sheile.
Osclaíonn do naimhde uile a gcraos chun tú a shlogadh; déanann siad faireach agus díoscán fiacal; “Tá sí slogtha siar againn,” deir siad, “is é seo an lá a rabhamar ag súil leis; tá sé buailte linn anois go soiléir.”
agus a leiceann a iompú chun an té a bhuaileann é agus masla ar mhuin masla a fhulaingt.
Ach tusa, a Bheithil Eafrátá bíodh gur beag thú i measc chlanna Iúdá is asatsa a thiocfaidh chugam an té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael, an té a dtéann a shinsearacht na cianta siar go dtí an t‑am fadó.
Ansin chaith siad seile san aghaidh air, agus ghabh siad de dhoirne air, agus bhí cuid acu a bhuail lena mbasa é
Le linn na cainte sin dó, duine de na póilíní a bhí ina sheasamh láimh leis, bhuail sé buille boise ar Íosa á rá: “An mar sin a fhreagraíonn tú an t‑ardsagart?”
Leis sin d'ordaigh Anainias, an t‑ardsagart, dóibh sin a bhí ina seasamh in aice leis Pól a bhualadh sa bhéal.
“Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Pioláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duitse é a ungadh,
cuireann sibh suas, mar shampla, leis an duine a bhíonn ag déanamh giollaí díbh, nó ag déanamh foghla oraibh, nó ag teacht i dtír oraibh, nó ag cur gothaí air féin, nó ag tarraingt leiceadair oraibh.