Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:67 - An Bíobla Naofa 1981

67 Ansin chaith siad seile san aghaidh air, agus ghabh siad de dhoirne air, agus bhí cuid acu a bhuail lena mbasa é

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

67 Chaith siad a seile ar a leiceann ansin, agus bhuail siad é; agus bhuail cuid acu lena mbosa é,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

67 Annsin chaith siad seileogaí san aghaidh air, agus thug siad duirn dó; agus bhuail cuid eile acu le n-a mbosa san aghaidh é,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

67 Annsin do chaitheadar seilí ’n‐a éadan air, agus do ghabhadar de dhornaibh air: agus do bhuail cuid aca buillí boise air,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

67 Ann sin do ghabhadar do sheilidhibh an a éadan, agus do ghabhadar dream eile do shlataibh air,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

67 Ansan do chaitheadar seilí sa n-aghaidh air, agus bhuaileadar le dóirnibh é; agus bhuail cuid eile acu le n-a mbhasaibh sa n-aghaidh é, Agus deiridís:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

67 Ansin chaith siad seile san aghaidh air, agus ghabh siad de dhoirne air, agus bhí cuid acu a bhuail lena mbosa é

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:67
24 Tagairtí Cros  

Tháinig Zidicíá mac Canáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”


Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte agus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam; níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla ná ar sheile.


Mar a bhí scéin trath ar na sluaite ar a fheiceáil, (bhí sé chomh loite sin ina chuma - ní raibh cruth duine dhaonna air níos mó)


ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine, fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air; a ndála siúd a gclúdaímid ar n‑aighthe ina bhfianaise, ba tháir agus ba tharcaisne linn é.


D'ordaigh Paischiúr Irimia a bhualadh agus a chur sna ceapa ag Geata Bhiniáimin, geata uachtair Theampall an Tiarna.


agus a leiceann a iompú chun an té a bhuaileann é agus masla ar mhuin masla a fhulaingt.


Rinne tú dramhaíl agus bruscar dínn i measc na náisiún.


Ach tusa, a Bheithil Eafrátá bíodh gur beag thú i measc chlanna Iúdá is asatsa a thiocfaidh chugam an té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael, an té a dtéann a shinsearacht na cianta siar go dtí an t‑am fadó.


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Mura ndéanfadh a hathair ach seile a chaitheamh san aghaidh uirthi, nach mbeadh sí ina ceap náire ar feadh seacht lá? Cuirtear ar leithrigh amach ón gcampa í ar feadh seacht lá, agus ansin ina dhiaidh sin tugtar isteach arís í.”


ag rá: “Tairngir dúinn, a Chríost! Cé hé sin a bhuail thú?”


Agus chaith siad seilí air agus bhí siad á bhualadh sa cheann leis an ngiolcach.


Ach is é a deirimse libh gan seasamh in aghaidh an drochdhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin;


Agus déanfaidh siad fonóid faoi agus seilí a chaitheamh air agus é a sciúrséail agus é a chur chun báis; agus éireoidh sé arís tar éis trí lá.”


Agus thosaigh cuid acu ar sheilí a chaitheamh air, agus ar dhallóg a chur ar a aghaidh, agus é a bhualadh, agus a rá leis: “Bí ag tairngreacht!” Agus ghabh na seirbhísigh de bhuillí air.


Agus bhí siad á bhualadh sa cheann le giolcach agus ag caitheamh seilí air, agus ag teacht ar a nglúine ag déanamh ómóis dó.


Le linn na cainte sin dó, duine de na póilíní a bhí ina sheasamh láimh leis, bhuail sé buille boise ar Íosa á rá: “An mar sin a fhreagraíonn tú an t‑ardsagart?”


agus ag teacht dóibh ina ghar, deiridís: “Sé do bheatha, a rí na nGiúdach!” agus bhuail siad lena mbosa é.


nuair a mhaslaítear sinn tugaimid an freagra séimh. Níl ionainn go dtí anois féin ach dríodar an tsaoil agus dramhaíl an uile ní.


ansin téadh bean a dhearthár chuige i láthair na seanóirí agus baineadh sí an cuarán dá chois, agus caitheadh sí seile san aghaidh air, agus abradh sí: ‘Sin í an íde a thugaimid ar an té nach gcothaíonn teach a dhearthár,’


Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí