Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 3:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Ní eagal liom na mílte daoine atá cruinnithe do gach leith i mo thimpeall.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

7 Éirigh, a Thiarna, cuidíodh mo Dhia liom: ó bhuaileann tú mo naimhde uile ar chnámh an ghéill; tá fiacla lucht an oilc briste agat.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

7 Thighearna éirge suas go luath, As cuidighe liom gach uain. Mo naimhde bhuailis air a ngial, Bhris fiacla fós na ndáoi;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Eírigh, ó a THIGHEARNA; anaic mé, ó mo Dhía: óir do bhuáil tú mo naimhde uile air chnáimh an ghéill; do bhrisis fíacla na druinge neimhdhíadha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Ní eagal liom na mílte daoine atá cruinnithe do gach leith i mo thimpeall.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 3:7
17 Tagairtí Cros  

agus leath an cath ar fud na dúiche go léir, agus shlog an fhoraois níos mó an lá sin ná mar a mharaigh an claíomh.


Tá a mbéal ar leathadh acu i mo choinne Agus bhuail siad mé sa leiceann go fonóideach; Tá rith an rása leo i m'aghaidh.


Bhris mé giall an éagóraigh Agus sciob mé a chreach óna fhiacla.


Éirigh, a Thiarna! Tóg do lámh, a Dhia! agus ná déan dearmad ar lucht na hainnise.


gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”


Má bhíonn arm in eagar catha i mo choinne ní bheidh eagla ar mo chroí. Fiú amháin má bhítear ag cur cogaidh orm beidh dóchas agam ann.


Múscail! agus brostaigh chun mo chosanta a Dhia liom; a Thiarna bí liom.


Ar do shonsa tugtar ár n‑ár ar feadh an lae agus meastar sinn mar chaoirigh atá le bású.


d'eagla go gcluinfeadh sí glór an mhealltóra nó glór an draíodóra ag imirt a chuid draíochta.


tugann siad sciuird fúm gan peaca de mo thaobhsa. Bí i do dhúiseacht! tar i gcabhair orm agus féach leat!


agus tá m'anam á chéasadh go géar, ach tusa, a Thiarna, cá fhad...?


go leana mo namhaid mé is go mbeire sé orm, go ngabha sé de chosa i m'anam, is go leaga sé m'oineach sa luaithreach.


Cad fáth a n‑iompaíonn tú do lámh uainn, a Thiarna? Cad fáth a bhfolaíonn tú do dheaslámh i do bhrollach?


Nuair a thug tú breithiúnas ó neamh ghabh critheagla an talamh agus thost sé.


Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d'imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?


agus a leiceann a iompú chun an té a bhuaileann é agus masla ar mhuin masla a fhulaingt.


Is mairg don fhear a deir le smután adhmaid: “Múscail thú féin”; agus leis an gcloch bhalbh: “Éirigh.” An féidir le rud mar sin oracal a thabhairt uaidh? Féach, tá sé clúdaithe le hór agus le hairgead ach níl puth anála ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí