Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 12:2 - An Bíobla Naofa 1981

Sibhse gan amhras lucht na tuisceana, Agus gheobhaidh an eagna bás libhse!

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ni bhfuil amharus gur sibhsi na daóine, agus rachuidh an gliocus déug a néinfheachd ribh.

Féach an chaibidil



Iób 12:2
16 Tagairtí Cros  

Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana; Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol.


Nach bhfuil freagra le tabhairt ar chlabaireacht? An bhfuil caint phras le bheith mar urra ag duine ar an gceart?


Agus rúin na heagna a nochtadh duit! Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaí Atá do choirpeacht á cúiteamh aige leat.


Ansin d'fhreagair Iób agus dúirt:


Ar chóir do dhuine gaoismhear freagairt le heolas baoth? Agus a bholg a líonadh le gaoth anoir?


Ach, tagaigí arís, sibh go léir, agus tugaigí fúm! Agus ní bheidh saoi le fáil agam in bhur measc!


Chuir tú an tuiscint i bhfolach óna gcroí, Uime sin ní ligfidh tú an bua leo.


Is beag orm an teagasc a fuaireas, Ach thug spiorad as mo thuiscint freagra orm:


Nach maith an chomhairle a thug tú don aineolach! Agus an misneach don lagmhisniúil.


Is críonna é an saibhir, dar leis féin, ach béarfaidh an bocht air má bhíonn tuiscint ann.


Is mairg a bhfuil meas saoithe acu orthu féin, agus a cheapann go bhfuil siad thar a bheith glic!


Is amadáin sinne ar son Chríost fad atá sibhse stuama i gCríost. Táimidne lag agus tá sibhse láidir; tá sibhse faoi mheas agus tá drochmheas orainne.


Mo náire sibh! An amhlaidh nach bhfuil aon duine stuama oraibh féin a d'fhéadfadh réiteach a dhéanamh idir a bhráithre,