Agus rúin na heagna a nochtadh duit! Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaí Atá do choirpeacht á cúiteamh aige leat.
Iób 12:13 - An Bíobla Naofa 1981 Is i [nDia] atá eagna agus cumhacht, Is aige atá comhairle agus tuiscint. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Acht aigesion atá gliocus agus neart, atá comhairle agus tuigse aige. |
Agus rúin na heagna a nochtadh duit! Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaí Atá do choirpeacht á cúiteamh aige leat.
Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart. Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?
(Is cuma fuath don olc nó eagla an Tiarna;) is fuath liom uabhar, díomas, cosán an oilc agus an béal bréagach.
Ina dhiaidh sin féin, tá an Tiarna seiftiúil go leor chun an tubaiste a chur faoi deara freisin; ní dual dó dul siar ar a fhocal, ach éireoidh sé amach in éadan baicle na n‑urchóideach, ina gcoinne siúd a chuidíonn le lucht na míghníomhartha.
Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann, foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill! Deirim: Déanfar mar a bheartaím agus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích.
Is é a rinne an talamh lena chumhacht, is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna, agus a spréigh amach na spéartha lena ghrinneas.
óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú.
ach dóibh siúd a bhfuil glaoite orthu, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, is é Críost cumhacht Dé agus eagna Dé é.
Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n‑oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinne an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,
de réir iomadúlacht an ghrásta a roinn sé orainn go fial. Le teann eagna agus gaoise
is é sin, ar Chríost a bhfuil stóir uile na heagna agus an eolais i bhfolach ann.
Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.