agus ansin thug sé ordú dá ghiollaí: “Cuirigí cluas oraibh féin! Nuair a bheidh Amnón súgach ón bhfíon, agus go ndéarfaidh mise: ‘Buailigí Amnón,’ maraígí ansin é. Ná bíodh eagla oraibh! Nár thug mé ordú daoibh? Bíodh misneach agaibh agus bígí calma!”
Ansin um mheán lae rinne siad ruathar amach agus Bein Hadad ag cur meisce óil air féin faoi na scáthláin, é féin agus an dá rí déag ar fhichid a bhí ag cabhrú leis.
An bhfuil fiabhras orthu? Ullmhóidh mise deoch dóibh agus tabharfaidh orthu a ól nó go dtiocfaidh orthu míogarnach agus codlóidh siad go síoraí, ní mhúsclóidh siad go deo - an Tiarna a labhraíonn.
“Tabharfaidh mé ar a huaisle agus ar a saoithe ól, ar a rialtóirí a feidhmeannaigh agus ar a fir troda; titfidh codladh síoraí orthu agus ní mhúsclóidh siad, a deir an rí, darb ainm Tiarna na Slua.”
D'fhill Aibíogáil ar Nábál, agus bhí fleá ar siúl aigesean ina theach, fleá mar a mbeadh ag rí. Bhí Nábál meidhreach súgach agus toisc é a bheith ar a chaoil ní dúirt sí focal leis go raibh sé ina lá.
Nuair a threoraigh sé síos é, b'shiúd iad ansiúd agus iad scaipthe ar fud na dúiche ar fad ag ithe agus ag ól agus ag rince de bharr na creiche móire a bhí tógtha acu as tír na bhFilistíneach agus as tír Iúdá.