Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Samúéil 13:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 agus ansin thug sé ordú dá ghiollaí: “Cuirigí cluas oraibh féin! Nuair a bheidh Amnón súgach ón bhfíon, agus go ndéarfaidh mise: ‘Buailigí Amnón,’ maraígí ansin é. Ná bíodh eagla oraibh! Nár thug mé ordú daoibh? Bíodh misneach agaibh agus bígí calma!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 ¶ Anois do aithin Absolon da shearbhfhoghantaighibh, gha rádh, Comharthuigh anois a nuáir bhías croidhe Amnon súgach o fhíon, agus a nuáir a déara misi ribh, Buaíligh Amnon; annsin marbhuidh é, ná bíodh eagla oruibh: nach ar áithin misi dhibh é? bíghi curata, agus bíghi beódha.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 13:28
30 Tagairtí Cros  

D'ól sé cuid den fhíon agus fad bhí an mheisce air, bhí sé nochta ina bhoth.


Lá arna mhárach thug Dáiví cuireadh do bheith ag ithe agus ag ól ina chuideachta agus chuir sé ar meisce é. Nuair a tháinig an tráthnóna chuaigh Úiríá amach agus luigh sé ar a thocht in éineacht le garda cosanta a mháistir; ach ní dheachaigh sé síos chun a thí féin.


“Cuir Úiríá i bhfíorthosach an chruachatha, agus ansin tarraingigí féin siar ar a chúl, ionas go ndéanfar é a threascairt agus a mharú.”


Ar an ábhar sin ní bheidh an claíomh go brách i bhfad ó do theaghlach, ó léirigh tú go bhfuil drochmheas agat ormsa agus ó ghlac tú bean chéile Úiríá an Hiteach mar bhean chéile agat féin.’


Ach lean Aibseálóm air ag tathant air go dtí gur lig sé d'Amnón agus do chlann mhac an rí go léir dul leis. D'ullmhaigh Aibseálóm fleá ríoga,


Bhí beirt mhac ag d'ionailt, agus d'éirigh eatarthu amuigh sa ghort gan fear a n‑idirghabhála ann. Bhuail duine díobh an duine eile agus mharaigh é.


Ansin um mheán lae rinne siad ruathar amach agus Bein Hadad ag cur meisce óil air féin faoi na scáthláin, é féin agus an dá rí déag ar fhichid a bhí ag cabhrú leis.


agus fíon a chuireann áthas ar an duine, d'fhonn aoibh a chur ar a aghaidh le hola, agus a chroí a neartú le harán.


Ghlaoigh rí na hÉigipte chuige ar na mná cabhartha dá bhrí sin agus d'fhiafraigh díobh: “Cad chuige daoibh é seo a dhéanamh agus na mic a choimeád beo?”


Caitear fleá ar son an tsuaircis agus cuireann an fíon gliondar ar na beo ach is é an t‑airgead a chuireann gach uile rud díobh ar fáil.


Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.


Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha, mar choinleach tirim, go hiomlán.


Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh


D'fhreagair Peadar agus na haspail eile: “Is córa dúinn umhlú do Dhia ná do dhaoine.


Nár thug mé ordú duit? Bí teann agus bíodh misneach agat. Ná bíodh eagla ort ná beaguchtach, mar tá an Tiarna do Dhia farat cibé áit a rachaidh tú.”


Fad a bhíodar go súgach ag béile, féach, tháinig cuid d'fhir na cathrach, scraistí, timpeall an tí; bhuaileadar ar an doras agus dúradar leis an seanduine, fear an tí: “Cuir amach an fear a tháinig isteach i do theach i dtreo go ndéanfaimis leis mar is tnúth linn.”


Shuíodar síos dá bhrí sin, agus chromadar ar ithe agus ól, an bheirt acu le chéile. Dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Seo, fan anocht chomh maith, le do thoil, agus bí go súgach!”


Nuair a d'éirigh an fear agus a bhean luí agus a ghiolla chun imeachta, dúirt athair a chéile, athair na hógmhná, leis: “Féach, tá sé anonn go maith sa lá agus ag druidim le tráthnóna; fan anseo anocht agus bí go súgach. Is féidir leat éirí go moch do do thuras ar maidin amárach agus filleadh abhaile.”


Nuair a bhí bia ite agus deoch ólta ag Boaz agus go raibh sé go súgach, chuaigh sé a luí ag imeall an charn arbhair. Ansin tháinig sí os iseal agus chas siar an brat a bhí ar a chosa agus luigh ansiúd.


Thug Sól ordú dá ghiollaí mar leanas dá bhrí sin: “Labhraigí le Dáiví os íseal agus abraigí: ‘Féach, tugann an rí gean duit agus tá cion ag a shearbhóntaí go léir ort; bí i do chliamhain ag an rí más ea.’ ”


Mhionnaigh Sól di dar an Tiarna: “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní chuirfear aon mhilleán ort de bharr an ghnó seo.”


Dúirt an rí léi: “Na bíodh eagla ort! Cad a fheiceann tú?” “Feicim spiorad ag éirí aníos as an talamh,” ar sí le Sól.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí