Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Samúéil 30:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Nuair a threoraigh sé síos é, b'shiúd iad ansiúd agus iad scaipthe ar fud na dúiche ar fad ag ithe agus ag ól agus ag rince de bharr na creiche móire a bhí tógtha acu as tír na bhFilistíneach agus as tír Iúdá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 ¶ Agus a nuair rag sé síos é, féuch, do bhádar ar feadh na talmhan leathnuighe, ag ithe agus ag ól, agus ag damhsa, ar son mhéid na héadála thugadar léo amach as crích na Bhphilistineach, agus as tír Iudah.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 30:16
22 Tagairtí Cros  

agus ansin thug sé ordú dá ghiollaí: “Cuirigí cluas oraibh féin! Nuair a bheidh Amnón súgach ón bhfíon, agus go ndéarfaidh mise: ‘Buailigí Amnón,’ maraígí ansin é. Ná bíodh eagla oraibh! Nár thug mé ordú daoibh? Bíodh misneach agaibh agus bígí calma!”


Bhriseadar ar a raibh fágtha d'fhuíoll áir na nAmailéiceach agus tá siad ina gcónaí ann go dtí inniu féin.


Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.


Déanaim gairdeas de bharr do bhriathair mar dhuine a fhaigheann creach.


D'éiríodar go moch arna mhárach dá bhrí sin agus d'ofráladar íobairtí loiscthe agus thugadar leo íobairtí síochána; ansin shuigh an pobal uile chun bia agus dí, agus d'éiríodar chun scléipe.


Ina ionad sin, siamsa atá ar siúl agus sult, mairt á marú agus caoirigh á gcoscairt, feoil á halpadh agus fíon á ól; agus sibh ag ceapadh: “Ithimis agus ólaimis, mar beidh an bás againn amárach.”


Óir an chuing a bhí anuas orthu, an choirb ar a nguaillí, agus slat an aintiarna, déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá briste Mhidián.


Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.


agus dúirt leo: “Tá sibh ag filleadh abhaile lena lán maoine, le mórchuid eallaigh, le hairgead agus ór, le cré-umha agus iarann agus le flúirse éidí. Déanaigí creach seo bhur naimhde a roinnt ar bhur mbráithre chomh maith.”


Ghabh Gideón suas ar feadh bealach na gcarbhán lastoir de Noba agus Iogbahá agus d'ionsaigh sé an t‑arm gan choinne.


Rinneamar ionradh ar Neigib na gCeiriteach, agus ar Neigib Iúdá, agus ar Neigib Chálaeb, agus chuireamar Zicleag trí thine.”


Dúirt Dáiví leis: “An dtreoroidh tú síos chun na ceithirne seo mé?” D'fhreagair sé: “Mionnaigh dom dar Dia nach maróidh tú mé, ná mé a thabhairt i láimh mo mháistir, agus treoróidh mé síos chun na ceithirne seo thú.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí