Fearg níl orm a thuilleadh! Fiú má bhíonn sceacha agus driseacha ann, cuirfidh mé cogadh orthu, dófaidh mé iad go léir!
Amos 7:4 - An Bíobla Naofa 1981 Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna Dia féin ag fogairt pionóis le tine. Bhí an duibheagán mór dóite aici, agus bhí sí ag creimeadh na talún roimpi. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Is marso do thaisbéin an Tighearna DIA dhamhsa: agus, féuch, do ghoir an Tighearna DIA ceannairg le teine, agus do loisg sé an taigean mór, a duáigh súas cuid dí. |
Fearg níl orm a thuilleadh! Fiú má bhíonn sceacha agus driseacha ann, cuirfidh mé cogadh orthu, dófaidh mé iad go léir!
rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Gach maidin tabhair breith cheart, tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart air as láimh fhear a ansmachta, nó léimfidh m'fhearg amach ar nós tine, loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil.
Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna, bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí, (a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim), ar fhaitíos go léimfeadh m'fhearg amach ar nós tine, agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh, mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.
Abair le foraois Neigib: ‘Éist le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, lasfaidh mé tine ionat agus dófaidh sí gach crann glas ionat agus gach crann críon; beidh an tine ina caor domhúchta agus gach aghaidh ruadhóite léi, ón Neigib ó thuaidh.
Is ortsa a ghlaoim, a Thiarna, mar tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh agus tá lasair tar éis crainn uile na tíre a dhó.
Ansin phreab lasair amach ó fhianaise an Tiarna agus scrios iad, agus fuaireadar bás i láthair an Tiarna.
Scrios mé cuid agaibh mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá, agus bhí sibhse mar aibhleog a sciobadh ón tine; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
Gabh ar lorg an Tiarna agus mairfidh tú; ar eagla go dtiocfadh sé ar theach Iósaef mar chaor thine agus go n‑alpfadh sí é agus nach mbeadh aon duine ann chun í a mhúchadh ar son theach Iosrael.
Seo an rud a thaispeáin an Tiarna mo Dhia dom: Is amhlaidh a bhí sé ag cruthú lócaistí i dtosach an athfháis - ba é an t‑athfhás é a eascraíonn nuair a bhíonn an fómhar déanta ag an rí.
Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna ina sheasamh cois balla agus dorú pluma ina láimh aige.
Tá na sléibhte á leá agus na gleannta á reabadh faoina chosa mar chéir os comhair na tine nó mar uisce a dhoirtear le fána ghéar.
Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.
Tháinig lasair anuas ón Tiarna agus loisc sé an dá chead caoga fear ag ofráil na túise.
Las tine as mo fhearg, agus dófaidh sí go híochtar Sheól; alpfaidh sí an talamh agus a thoradh go léir, loiscfidh sí máithreacha na sléibhte.
Deir sé i dtaobh na n‑aingeal: “Déanann sé gaotha dá aingil agus lasracha tine dá sheirbhísigh.”
Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus ba shiúd doras oscailte ar neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé á rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.”