Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 27:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Fearg níl orm a thuilleadh! Fiú má bhíonn sceacha agus driseacha ann, cuirfidh mé cogadh orthu, dófaidh mé iad go léir!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Ní bhfuil rofhearg ionnamsa: cía chuirfeadh na dreasa agus na dosáin am adhaighsi a gcath? do rachuin tríocha, do loisgfinn lé chéile íad.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 27:4
17 Tagairtí Cros  

An mhuintir aindiaga is cuma iad nó deilgneach an fhásaigh, nach mbailítear choíche le láimh duine:


ach an té a bhaineann leo, gabhann sé chuige iarann nó crann sleá agus ansin dóitear ar fad iad sa tine.


Ní i gcónaí a bheidh sé ag cáineadh; ní de shíor a bheidh sé i bhfeirg linn.


Mhaith tú a gcoir do do phobal agus d'fholaigh tú a bpeacaí go léir.


De sholas Iosrael déanfar tine, agus bladhaire dá Neach Naofa, ag loisceadh agus ag alpadh a dhriseacha agus a sceacha in aon lá amháin;


Déarfaidh tú an lá sin: “Tugaim buíochas duit, a Thiarna; bhí fearg ort liom ach tá d'fhearg síothlaithe agus thug tú sólás dom.


Beidh na ciníocha á ngoradh go dtí go bhfágtar ina luaithreán iad, mar a bheadh dealgacha á ngearradh agus á gcur sa tine.


Fearg Thiarna na Slua is í chuir an tír trí thine, agus is cuma nó breosla an pobal. Níl duine acu a thugann anacal dá bhráthair,


Óir tá fios mo smaointe agam in bhur dtaobh - an Tiarna a labhraíonn - smaointe síochána agus ní oilc, a thabhairt croí agus dóchais daoibh.


ionas go mba chuimhin leat agus go gcuirfí cotadh ort agus go gcuirfí i do thost go deo thú de bharr do náire, nuair a mhaithfidh mise duit a bhfuil déanta agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”


Ach más sceacha agus feochadáin amháin a thugann sé uaidh ní fiú dada é agus is gearr uaidh mallacht [Dé]; dá dheasca sin dófar é ar deireadh thiar.


tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil á bpionósú go lá na breithe,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí