Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nahum 1:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Cía fheadas seasamh as coinne a fheirge? agus cía fhéadas fuireach re buirbe a fheirge? do dóirteadh a dhíbhfhearg amach mar theine, agus do teilgiodh síos na cairge leis.

Féach an chaibidil Cóip




Nahum 1:6
31 Tagairtí Cros  

Ansin fuair sé an focal: “Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna.” Chuaigh an Tiarna féin thar bráid ansin. Tháinig gaoth láidir, chomh tréan sin gur réab sí na sléibhte agus go ndearna smionagar de na carraigeacha roimh an Tiarna. Ach ní raibh an Tiarna sa ghaoth. I ndiaidh na gaoithe tháinig crith talún. Ach ní raibh an Tiarna sa chrith talún.


Tagann creathán ar cholúin na spéire, Agus uafás, nuair a chloiseann siad é ag bagairt.


Scaoil le fraoch d'fheirge, Ísligh gach uaibhreach le silleadh do shúl.


Eisean a d'aistrigh na sléibhte gan fhios dóibh; Agus déanann sé iad a threascairt ina fhraoch.


Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna, a Thiarna, cé rachaidh slán?


A Dhia Iacóib, nuair a labhair tú go bagrach rinneadh staic de charbaid agus d'eachra.


Is uafásach tú! cé a sheasfaidh i d'éadan; nuair a bhíonn racht róbhuile ort?


Cé a chuimhníonn ar chumhacht do chuid feirge; cé a mbíonn eagla air roimh neart do bhuile?


Is é sin an fáth a gcuirfidh Tiarna na Slua meath ar a chuid gaiscíoch; faoina rachmas thíos beidh dóiteán ag dó mar a dhónn tine.


Is é sin an fáth a dtiocfaidh ballchrith ar na spéartha, go mbogfaidh an talamh as a áit, le barr buile Thiarna na Slua, sa lá a spréachfaidh a fhearg.


Fearg níl orm a thuilleadh! Fiú má bhíonn sceacha agus driseacha ann, cuirfidh mé cogadh orthu, dófaidh mé iad go léir!


Tá uamhan ar na peacaigh i Síón, tá na haindiagaigh ar bhall amháin creatha. Iad ag fiafraí: “Cé againn a sheasfaidh loisceadh na tine seo? Cé acu againn a sheasfaidh na lasracha síoraí?”


Óir féach, tá an Tiarna ag teacht i gcaor thine agus a charbadra ar nós guairneán gaoithe, chun a chuid feirge a scaoileadh ina fraoch, agus a aithis in aon bharr amháin lasrach.


Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo. Is é an Rí síoraí é. Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg, ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt.


rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Gach maidin tabhair breith cheart, tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart air as láimh fhear a ansmachta, nó léimfidh m'fhearg amach ar nós tine, loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil.


Bhasc sé le fraoch feirge cumhacht uile Iosrael; níor thug sé tacaíocht a dheasláimhe in aghaidh an namhad; las sé suas in Iacób mar chraos tine a d'ídigh a raibh ina thimpeall.


Theann sé a bhogha mar namhaid agus dhaingnigh sé a dheaslámh mar eascara; rinne sé ár orthu siúd ar lán a shúl iad tráth; lig sé a racht amach mar thine ar bhoth iníon Shíón.


Lig an Tíarna a racht cuthaigh amach; tháinig lasair feirge fíochmhaire ann; d'adhain sé tine i Síón, a loisc a bunsraitheanna.


déarfaidh an Tiarna: Tógfar uait an turban, bainfear díot an choróin; ní fhanfaidh an saol mar atá; ardófar an t‑íseal agus ísleofar an t‑ard.


Cuirfidh mé tine leis an Éigipt, beidh Sín faoi chlúdach scamaill, réabfar Nó as a chéile, beidh Nof i sáinn ó lá go lá.


Seolfaidh mé tine ar Mhagóg agus orthu san a chónaíonn faoi shuaimhneas sna hinsí, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.


Ar ball beag doirtfidh mé mo fhearg ort, ídeoidh mé mo chuthach ort agus gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat agus daorfaidh mé thú as d'imeachtaí gránna uile.


Dia éadmhar díoltasach is ea an Tiarna; tá an Tiarna díoltasach agus lán feirge; Is ar a eascairde a imríonn an Tiarna díoltas; is dá naimhde a choinníonn sé a chuid feirge i dtaisce.


sula dtiomáintear chun siúil sibh mar an gcáith, sula dtaga fearg fhíochmhar an Tiarna oraibh, sula mbeire lá dhíbheirg an Tiarna oraibh.


Ach cé a fhulaingeoidh lá a theachta? Cé a fhéadfaidh seasamh nuair a thaibhseoidh sé? Óir, is cuma é nó tine an athleádóra agus buac an úcaire.


Ansin chuala mé guth ard ón teampall á rá leis na seacht n‑aingeal: “Imígí agus doirtigí seacht soitheach feirge Dé ar an domhan.”


Dhoirt an ceathrú haingeal a shoitheach ar an ngrian, agus ceadaíodh dise na daoine a loscadh le tine,


óir tháinig lá mór a fheirge, agus cé a fhéadann é a sheasamh?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí