Ansin dúirt Éilias leo: “Mise agus mise amháin a fágadh mar fháidh de chuid an Tiarna, ach tá ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál ann.
2 Tiomóid 4:3 - An Bíobla Naofa 1981 Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar tá an t-am ag teacht nach mbeidh acmhainn ag na daoine ar dhea-theagasc folláin, agus tochas orthu le cluas a thabhairt do lucht theagasc na comhairle atá in aice lena dtoil, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir tiocfaidh an t‐am nach seasfaidh siad deagh‐theagasc; acht le tocas ’n‐a gcluasaibh, cruinneochaidh siad chuca féin lucht teagaisc do réir a n‐ainmhianta féin: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oir tiucfuidh aimsir nach mbiáidh fulang aca ar theagusg fhallái; achd ar mbeith dá gclúasuibh lionta do thochas cruinneóchuid síad dhóibh féin do réir a nainmían iomad teagusgóir; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil; |
Ansin dúirt Éilias leo: “Mise agus mise amháin a fágadh mar fháidh de chuid an Tiarna, ach tá ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál ann.
Ansin dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Ná dúirt mé leat nach maith a thairngríonn sé dom riamh ach olc?”
D'fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile ónar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh aon tairngreacht fhónta aige domsa, ach droch-chinn; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát.
Ach d'fhreagair an Tiarna Maois: “An té a pheacaigh i m'aghaidh is ea a scriosfaidh mé as mo leabhar.
pobal ar dhúirt sé leo uair: “Seo scíth daoibh! Tabhair scíth don duine tuirseach! Is é seo an suaimhneas!” - Ach níorbh áil leo éisteacht.
Deir siad le lucht físe: “Ná bíodh físeanna agaibh”, agus leis na fáithe: “Ná tuaraigí an ceart dúinn”. “Déanaigí plámas linn, bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn;
“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”
Mar sin, ná héistigí le bhur bhfáithe, le bhur n‑asarlaithe, le bhur bhfísithe, ná le bhur ndraoithe, ná le bhur ngreasadóiri a deir libh: Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine.
ach is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Ná mealladh bhur bhfáithe sibh ná na greasadóirí atá in bhur measc; ná héistigí leis na haislingeacha a aislingíonn siad,
tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?
Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí” - sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.
Agus b'fhonn leis na scríobhaithe agus le huachtaráin na sagart a lámha a leagan air an uair sin féin ach eagla an phobail a bheith orthu; óir bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal úd.
“Is mairg daoibh nuair a bheidh cách ag labhairt go maith oraibh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n‑aithreacha leis na fáithe bréagacha.
Na hAithinigh agus na hallúraigh a chónaíonn sa chathair, níl caitheamh aimsire is fearr leo ná bheith ag aithris an scéil is déanaí nó ag éisteacht leis.
I dtaca liomsa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt [rúndiamhair] Dé le hardnós cainte ná eagna.
Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus m'fhógra ag brath ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta,
An bhfuilim i mo namhaid anois agaibh de chionn go bhfuilim ag insint na fírinne?
do lucht drúise agus lucht sodamachta agus lucht fuadaigh, do lucht na mbréag agus na mionn éithigh - dóibh sin uile a dhéanann aon ní eile bunoscionn le teagasc folláin
An teagasc folláin a chuala tú uaimse, coimeád agat mar threoir é agus lean den chreideamh agus den ghrá atá agat i gCríost Íosa.
mar dúirt siadsan libh: “Ag críoch na ré, beidh scigirí ann a dhéanfaidh de réir a n‑ainmhianta coirpeachta féin.”