Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Corantaigh 2:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus m'fhógra ag brath ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 agus gan mo chaint ná mo theachtaireacht a bheith i mbriathra mealltacha eagnaí, ach bhí an Spiorad agus an chumhacht á léiriú tríothu,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus ní briathra blasta gliocais do bhí im’ chainnt agus im’ sheanmóireacht, acht lán‐dearbhú an Spioraid agus cumhacht:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus ní raibh mo chomhrádh ná mo sheanmóir a millseachd bhríathar an ghliocais dáonna, achd a bhfoillsiughadh dhearbhthachd chúmhachda na Spioraide:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus mʼfhógra ag brath ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta,

Féach an chaibidil Cóip




1 Corantaigh 2:4
28 Tagairtí Cros  

Déanann an cardálaí rúin a nochtadh; ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte.


Cuireann sí cluain air lena tuile de bhladar mealltach, agus áitíonn air lena plámás séimh.


Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”


Bíonn físeanna baotha agus tairngreachtaí bréige acu agus deir siad: ‘Is é an Tiarna a labhraíonn’; cé nach é an Tiarna a chuireann uaidh iad; agus iad ag súil leis ina ainneoin sin go bhfíorófar a mbriathra.


mar níor staon mé ó bheartas Dé a fhógairt daoibh ina iomláine.


Dúirt Aigripe le Pól: “Is beag nach n‑áitíonn tú orm a bheith i mo Chríostaí.”


Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh.


le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.


mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis.


Mar ní ag baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach ag fógairt an dea-scéil agus é a dhéanamh gan dul i muinín eagna urlabhra ar eagla cros Chríost a choilleadh.


I dtaca liomsa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt [rúndiamhair] Dé le hardnós cainte ná eagna.


Agus ní i mbriathra na heagna daonna a chuirimid síos ar na nithe sin ach i mbriathra a mhúin an Spiorad dúinn nuair a bhímid ag míniú cúrsaí an spioraid dóibh siúd a bhfuil an Spiorad iontu.


Mar ní sa chaint atá ríocht Dé suite ach san éifeacht.


Cruthaímid freisin é le hionracas, le heolas, le seasmhacht agus le cineáltas; leis an Spiorad Naomh, le grá dílis,


Cé atáim ag iarraidh a mhealladh chugam anois, daoine nó Dia? An daoine a shásamh is mian liom? Dá mba daoine a bhí mé ag iarraidh a shásamh, ní i mo sclábha ag Críost a bheinn.


Táim á rá sin libh le heagla go gcuirfeadh duine éigin an dubh ina gheal oraibh le hargóintí mealltacha.


mar ní le briathra béil amháin a tháinig ár ndea-scéal chugaibh ach le cumhacht agus le lándeimhniú an Spioraid Naoimh. Agus tá a fhios agaibhse mar a thugamar ár saol, fad a bhíomar in bhur measc, ar mhaithe libh.


Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le sracfhéachaint a fháil orthu.


Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht, agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile cinn.


Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d'éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.


Ar an gceathrú lá dúradar le bean Shamsón: “Meall d'fhear chun réiteach an tomhais a thabhairt dúinn, nó dófaimid thú féin agus teach d'athar. An chun sinn a chreachadh a thug tú cuireadh anseo dúinn?”


Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus dúirt léi: “Meall é agus faigh amach cá has a dtagann an neart éachtach atá aige, agus conas a d'fhéadfaimís é a chloí agus é a chuibhriú agus a smachtú. Tabharfaidh gach duine againn aon chéad déag seicil airgid mar dhíolaíocht duit.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí