Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 4:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 tabharfaidh siad an chluas bhodhar don fhírinne agus casfaidh siad ar na finscéalta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 agus iad ag tabhairt na cluaise bodhaire don fhírinne agus ag dul ar thóir na bhfinscéalta bréige.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 agus tionn‐tóchaidh siad a gcluasa ó’n gcreideamh, agus casfaidh siad chum fabhal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus fillfid síad a gclúasa ón bhfírinne, agus geillfid do sgéultuibh fábhuill.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 tabharfaidh siad an chluas bhodhar don fhírinne agus casfaidh siad ar na finscéalta.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 4:4
13 Tagairtí Cros  

Óir maraíonn a dtuathail féin an mhuintir shaonta, agus scriostar na hamadáin trína sástacht féin.


Deir siad le lucht físe: “Ná bíodh físeanna agaibh”, agus leis na fáithe: “Ná tuaraigí an ceart dúinn”. “Déanaigí plámas linn, bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn;


Ach dhiúltaigh siad éisteacht liom agus d'iompaigh siad gualainn stailceach chugam agus thug siad cluas bhodhar dom ar eagla go gcloisfidís.


óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre, d'éist siad le cluasa bodhránta, d'iaigh siad a súile, d'eagla go mbeadh radharc na súl acu, ná clos na gcluas, ná tuiscint an chroí, agus go n‑iompóidís agus go leigheasfainn iad.’


Leis sin lig siad béic ard astu agus gan éisteacht le focal eile thug siad ruathar faoi in éineacht,


Agus sin é an fáth a gcuireann Dia an mearbhall ag obair orthu sa tslí go gcreideann siad an t‑éitheach.


agus gan bheith tugtha d'fhabhalscéalta agus do ghinealaigh gan teorainn, mar gur nithe iad sin a chothaíonn conspóidí in ionad beartas Dé a chur chun cinn, beartas atá bunaithe ar chreideamh.


Ach seachain finscéalta baotha úd na gcailleach. Aclaigh tú féin chun saol cráifeach a thabhairt.


A Thiomóid, cumhdaigh an taisce a fágadh i do chúram, agus seachain an chaint bhaoth dhíomhaoin agus ráite bréige an eolais úd nach bhfuil ann ach eolas in ainm,


Tá a fhios agat é seo, gur thréig a bhfuil san Áise mé, agus Figealas agus Hearmaganaes san áireamh.


in ionad iad bheith ag tabhairt cluaise d'fhinscéalta Giúdacha agus do rialacha daoine a thugann cúl leis an bhfírinne.


Go raibh grásta Dé agaibh go léir. Amen.


Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht, agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile cinn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí