Sól agus Iónátán an chumainn agus na scéimhe! Níor scaradh ó chéile iad beo ná marbh! Ba mhire iad ná na hiolair. Ba láidre ná na leoin.
2 Samúéil 1:19 - An Bíobla Naofa 1981 “Uchón, tá glóir Iosrael ar lár ar d'ardáin! Cad é mar a d'éag na gaiscígh! An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tá scéimh Israel ar na marbhadh ar háítibh árda: ciondus atáid na cumhachdaigh ar ttuitim! |
Sól agus Iónátán an chumainn agus na scéimhe! Níor scaradh ó chéile iad beo ná marbh! Ba mhire iad ná na hiolair. Ba láidre ná na leoin.
Sa lá sin, beidh geamhar an Tiarna faoi loinnir agus faoi mhaise, agus toradh na talún mar ghlóir agus mar scéimh ag iarmhar Iosrael.
Amhail bachlóg is ea a d'fhás sé os ár gcomhair a mbeadh a fréamh i dtalamh tirim. Níl cruth ná cumthacht air, dá bhfaca sinne ná scéimh ar bith go mbeadh dúil againn ann;
Ochón! Tá an Tiarna tar éis duibhe a chur ar iníon Shíón le corp cuthaigh; theilg sé ó neamh go talamh áilleacht Iosrael; níor chuimhin leis stóilín a chos ar lá a chuid díbheirge.
Thóg mé mo bhachall “Cineáltas” agus bhris mé ina dhá leath í chun an conradh a bhí déanta ag an Tiarna leis na náisiúin go léir a chur ar ceal.
Mar sin de, rinneadh aoire díom ar an tréad a bhí le marú ag na trádálaithe caorach. Ansin thóg mé dhá bhachall; “Cineáltas” a thug mé mar ainm ar cheann acu agus “Aontacht” ar an gceann eile agus thosaigh mé ar an tréad a bheathú.
Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a bheirt mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa.