Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 4:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Sa lá sin, beidh geamhar an Tiarna faoi loinnir agus faoi mhaise, agus toradh na talún mar ghlóir agus mar scéimh ag iarmhar Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 ¶ Annsa ló sin bíaidh beangan an TIGHEARNA sgíamhach agus glórmhar, agus biaidh toradh na talmhan oirdheirc agus cubhaidh den mhéid rachus as do Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 4:2
40 Tagairtí Cros  

Go mola na ciníocha thú, a Dhia; go mola na ciníocha go léir thú.


Go raibh flúirse arbhair sa tír go mullach na sléibhte. Go raibh seordán a thoradh amhail an Liobáin agus lucht na gcathracha faoi bhláth mar fhéar ar an talamh.


Déanfaidh tú éidí naofa do Árón do dheartháir dochum glóire agus maise.


Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.


An lá sin, beidh an laoi seo á ceol ar thalamh Iúdá: “Tá baile daingean againn; leag sé amach bábhún agus forbhalla dár ndídean.


Sna laethe atá le teacht cuirfidh Iacób péacáin amach, tiocfaidh bláth agus toradh ar Iosrael; líonfaidh sé aghaidh na talún le torthaí.


Agus tabharfaidh sé báisteach le haghaidh an tsíl a chuirfidh tú sa talamh, agus an t‑arán a thugann an talamh uaidh, beidh sé blasta agus beathúil. Beidh do chuid eallaigh ag innilt an lá sin ar fhéarach leathan.


A spéartha, fearaigí anuas fíréantacht mar bheadh drúcht ann, ligeadh na néalta anuas í ina báisteach! Osclaíodh an talamh lena gabháil agus tagadh an slánú aníos ina gheamhar! Fásadh suas ina theannta sin an fhuascailt atá mise, an Tiarna, lena chruthú!


Amhail bachlóg is ea a d'fhás sé os ár gcomhair a mbeadh a fréamh i dtalamh tirim. Níl cruth ná cumthacht air, dá bhfaca sinne ná scéimh ar bith go mbeadh dúil againn ann;


In ionad a bheith tréigthe mar a bhí tú, i do chéile a raibh fuath ort agus tú fágtha, déanfaidh mé ábhar mórála díot go deo, cúis ghairdis ó ghlúin go glúin.


Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.


Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair, ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur, is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamhar fíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.”


Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.


Sna laethanta sin agus san am sin cuirfidh mise d'fhiacha ar Bheangán fíréanta fás suas do Dháiví, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa tír.


De fhuíoll Iúdá a chuaigh go dtí an Éigipt chun cónaí ann, ní rachaidh as agus ní mhairfidh beo aon duine chun filleadh go tír Iúdá mar a bhfuil fonn orthu cónaí aris. Ní fhillfidh aon duine díobh, ach dornán beag dídeanach.’ ”


Mar sin féin, an uimhir bheag a rachaidh as an gclaíomh fillfidh siad ó chríocha na hÉigipte go tír Iúdá. Agus fuíoll Iúdá uile a chuaigh go tír na hÉigipte chun cónaí ann, aithneoidh siad ansin cé leis na focail a fhíorfar, liomsa nó leosan.


Cuirfidh mé rathúnas fáis sna páirceanna dóibh ionas nach gcaillfear níos mó iad le gorta sa bhaile agus nach mbeidh orthu cur suas níos mó le masla na gciníocha.


“A shléibhte Iosrael, fásfaidh bhur ngéaga agus tabharfaidh sibh torthaí ar son mo mhuintire, Iosrael, a fhillfidh go luath.


Agus má théann aon chuid acu slán, beidh siad ar na sléibhte amhail coilm na ngleannta, an t‑iomlán acu ag caoineadh, gach duine i dtaobh a pheacaí féin.


Ach ar Shliabh Shíón, fágfar fuíoll a thiocfaidh slán, agus beidh siad naofa; agus gheobhaidh teach Iacóib seilbh ar a shealúchas féin.


Éist, mar sin, a Iósua, a ardsagairt - tú féin agus do chompánaigh atá ina suí os do chomhair - óir, is fir dhea-thuair sibh. Is amhlaidh atáimse chun tabhairt ar mo sheirbhíseach, an Beangán, teacht.


agus abair é seo leis: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Seo fear darb ainm ‘An Beangán’; eascróidh sé mar a bhfuil sé agus tógfaidh sé Teampall an Tiarna.


Nach maith an bhail a bheidh orthu go deimhin! Nach álainn a bheidh siad! Cuirfidh arbhar bláth ar na hógánaigh agus cuirfidh fíon nua maise ar na maighdeana.


“Ar an lá atá á reiteach agam beidh siad ina maoineach agam, a deir Tiarna na Slua, agus beidh trua agam dóibh faoi mar a bhíonn trua ag duine don mhac a bhíonn umhal dó.


Agus mura ngiorrófaí na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán, ach ar son na dtofach, giorrófar na laethanta sin.


Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”


Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.


An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.


Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht, agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile cinn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí