Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 4:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 An dream a mhairfidh de Shíón, fuíoll áir Iarúsailéim tabharfar naoimh orthu uile agus clárófar ar rolla na beatha iad in Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus tiucfa a ccrích, an té fúigfighear a Sion, agus an té fhanfas ann Ierusalem, go ngoirfighear náomhtha dhe, eadhon gach neach atá scríobhtha a measg na mbéo ann Ierusalem:

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 4:3
33 Tagairtí Cros  

Cuir urchóid i gcionn a n‑urchóide, agus nár thaga siad choíche chun d'fhíréantachta.


Scríobhfaidh an Tiarna i leabhar na bpobal: “Rugadh iad uile san áit sin.”


Déanfar Síón a athcheannach le hionracas, agus le ceart an dream dá muintir a iompóidh ar ais.


An lá sin, coróin ghlóire a bheidh i dTiarna na Slua, mionn ríoga álainn i gcomhair fuílleach a phobail;


Beidh bealach mór agus bóthar ansin a dtabharfar mar ainm air an Bealach Beannaithe; ní shiúlfaidh an neamhghlan an treo sin, ná ní bheidh lucht baoise ag fánaíocht ar a fhad.


“Éistigí liom, a theaghlach Iacóib, a iarmhair uile de theaghlach Iosrael! sibhse a bhí ar iompar agam ó saolaíodh sibh, a bhí mar chúram agam ó bhroinn na máthar i leith.


Dúisigh, dúisigh suas! Cuir umat do neart, a Shíón! Cuir ort an chuid is galánta de d'éadach, a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe. Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos mó duine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.


agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán, is é an scrios atá i ndán dóibh freisin, ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán. Síol naofa is ea an grágán sin.”


Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.


Gairfear dóibh Pobal Naofa, Cion Fuascailte an Tiarna, agus duit féin a mbíonn síorthriall ort Cathair nach dtréigtear.”


Sínfidh mé mo lámh i gcoinne fáithe na bhfíseanna baotha agus na dtairngreachtaí bréige. Ní bheidh áit acu ar ardchomhairle mo phobail, ní chlárófar iad ar rolla mhuintir Iosrael, ní leagfaidh siad cos ar thalamh Iosrael, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna Dia.


Seo é bunreacht an Teampaill: an láthair uile ar mhullach an tsléibhe agus máguaird is áit rónaofa é. Féach, sin é bunreacht an Teampaill.”


Ach ar Shliabh Shíón, fágfar fuíoll a thiocfaidh slán, agus beidh siad naofa; agus gheobhaidh teach Iacóib seilbh ar a shealúchas féin.


Is amhlaidh a chruinneoidh mé na náisiúin uile le chéile in aghaidh Iarúsailéim chun cogadh a chur uirthi; gabhfar an chathair, creachfar na tithe; éigneofar na mná agus imeoidh leath na cathrach ar deoraíocht. Ach ní dhíothófar an leath eile de mhuintir na cathrach ar aon chor.


Labhraíodh lucht adhartha an Tiarna le chéile ar an gcuma sin agus d'éist an Tiarna leo go hairdeallach. Ansin scríobhadh leabhar meabhráin os a chomhair ar son na ndaoine a thugann ómós dó agus a bhfuil ardmheas acu ar a ainm.


Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n‑ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.”


Bhí áthas ar na págánaigh an méid sin a chloisteáil agus bhí ardmholadh acu ar bhriathar an Tiarna; agus an méid acu a bhí réamhcheaptha don bheatha shíoraí, ghlac siad an creideamh,


Agus cad é an freagra a thug Dia air? “Choimeád mé dom féin seacht míle fear nár fheac a nglúin do Bhál.”


Is é an dála céanna é san am i láthair: tá fuíoll ann agus iad tofa trí ghrásta.


Roimh thúsú an domhain roghnaigh sé sinn i gCríost chun bheith naofa gan locht os a chomhair.


agus iarraim ortsa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liomsa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimins agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n‑ainmneacha scríofa i leabhar na beatha.


Dá bhrí sin, ós sibhse an pobal tofa, pobal naofa muirneach Dé, cuirigí umaibh trua croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne.


Déanaigí iarracht ar an tsíocháin a bhuanú eadraibh féin agus gach uile dhuine; lorgaigí an naofacht sin nach bhfeicfidh aon duine an Tiarna gan í;


Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.


Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.


“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.


Agus má bhí aon duine nach bhfuarthas a ainm i leabhar na beatha teilgeadh é sa linn tine.


Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.


An té a bheireann bua beidh sé gléasta mar sin in éidí geala, agus ní scriosfaidh mé a ainm as leabhar na beatha, agus admhóidh mé a ainm os comhair m'athar agus os comhair a aingeal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí