Nuair a shroicheadar Urlár Buailte Átád lastall den Iordáin, chaoineadar caoineadh fada dobrónach ansiúd agus bhí sé féin ag caoineadh a athar ar feadh seacht lá.
2 Ríthe 6:27 - An Bíobla Naofa 1981 “Go bhfága an Tiarna gan fóirithint thú,” ar seisean, “cá bhfaighinnse leigheas do cháis? Ón urlár buailte nó ón gcantaoir fhíona?” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision, Muna bhfurtuigheann an TIGHEARNA ort, ciondus fhéaduimsi furtachd ort? ann as urlár an sciobóil, nó as cantaóir an nfíona? |
Nuair a shroicheadar Urlár Buailte Átád lastall den Iordáin, chaoineadar caoineadh fada dobrónach ansiúd agus bhí sé féin ag caoineadh a athar ar feadh seacht lá.
Agus nuair a bhí rí Iosrael ag gabháil thart ar bhalla na cathrach, ghlaoigh bean, in ard a cinn air: “Fóir orm, a thiarna, mo rí.”
Ansin d'fhiafraigh an rí: “Cad tá ort?” D'fhreagair sí: “Dúirt an bhean seo liom: ‘Tabhair suas do mhac le hithe againn inniu, agus íosfaimid mo mhacsa amárach.’
Amhrán Oilithreach. Le Solamh. 1 Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála. Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint, is díomhaoin don gharda bheith á faire.
Cé sheolfaidh isteach mé sa chathair chosanta? Cé thabharfaidh go hEadóm isteach mé?
Titfidh sé amach san am atá le teacht go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air os cionn na sléibhte, agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é. Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é;
Is mar seo a deir an Tiarna: “Is mallaithe an fear a chuireann a mhuinín i nduine, agus a bhíonn i dtuilleamaí na feola, agus a iompaíonn a chroí ón Tiarna.