2 Ríthe 6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil VI. Na Sirianuigh ag fóleanmhuin Elísa, 19 tug sé iad a lamhuibh rí Israel, 30 neach do iarr da eís sin, Elisa chur chum báis. 1 Agus a dubhradar mic na bhfágh re Helisa, Féuch anois, atá an náit iona ccomhnuighemid ad fhochair ro chumhang aguinn. 2 Guidhmid thú, imthigheamuid, go Iordan, agus tabhradh gach áon aguinn táobhan leis as sin, agus déanam áit dhúinn féin ann sin, iona mbíam ar ccomhnuigh. Agus do fhreagair seision, Eirghidh romhuibh. 3 Agus a dubhairt aon díobh, Guidhim thú, bí aontadhach, agus tárr féin lé do sheirbhíseachuibh. Agus do fhreagaír seision, Rachad. 4 Ann sin do chuáidh sé léo. Agus a núair thangadar go Iordan, do ghearradar adhmad. 5 Achd mar do bhí duine aca ag leagadh croinn, do thuit íarran na tuáidhe ann sa nadbhuinn: agus do éigh seision, agus a dubhairt, Uch, a mhaighistir! óir air íasachd do tugadh í. 6 Agus a dubhairt óglach Dé ris, Cáit ar thuit sí? Agus do thaisbéin sé a náit dhó. Agus do ghéarr seísion maide, agus do theilg ann é; agus do shnámh an tíarann. 7 Uimesin ar seision, Tóg súas chugad é. Agus do chuir sé a lámh amach, agus do thóg chuige é. 8 ¶ Ann sin do rinne rígh na Síria cogadh a naghaidh Israel, agus do rinne se comhairle re ná mhuinntir, dhá rádh, Annsa náitsi agus annsa náitsi bhías mo champa. 9 Agus do chuir óglach Dé fios chum rígh Israel, gha rádh, Bí ar do choímhéud gan gabháil ann a leitheíd so dáit; óir thangadar na Sírianuigh a núas annsin. 10 Agus do chuir rígh Israel gus a náit dinnis óglach Dé dho agus a ttug rabhadh dho dá thaóibh, agus do dhídin sé é feín air sin, ní éanúair no fá dhó. 11 ¶ Ar a nadhbharsin do bhí croidhe rígh ná Siria ro bhúaidheartha fán níse; agus do ghoir sé amach a mhuinntír, agus a dúbhairt riú, Nach ttaisbéantaoí dhamhsa cía aguinn atá ar son rígh Israel? 12 Agus a dubhairt óglach dá mhuinntir, Ni bhfuil éanduine, a thighearna mo rígh: ach Elisa, an fáigh atá ann Israel, inniseas do rígh Israel na bríathra labhras tusa ann do sheómra leaptha. 13 Agus a dubhairt seision, Imthighidh, agus braíthigh cáit a bhfuil sé, go ccuirinnsi dá thabhaírt chugam. Agus do hinnseadh dhó, dha radh, Feúch, atá sé ann Dótan. 14 Uimesin do chuir seision ann sin eich, agus carbuid, agus slúagh mór: agus thangadar san noídhche, timchioll na caithreach fá gcúairt. 15 ¶ Agus an tan do éirigh searbhfhoghantuigh óglaich Dé go much, agus do chuáidh amach, féuch, do bhí slúagh timchioll na caithreach maille re heachuibh agus le carbaduibh. Agus a dubhairt a shearbhfhoghantuigh ris, Mo thrúaighe, a mhaighistir! ered dhéanam? 16 Agus do fhreagair seision, Ná bíodh eagla ort: óir an drong atá linne is mó íad náid a bhfuil leósan. 17 Agus do ghuidh Elisa, agus a dubhairt, A THIGHEARNA, guidhim thú, foscuil a shuile, go bhfaicigh sé. Agus dfoscuil an TIGHEARNA súile an nógánuigh; agus do chonnairc sé: agus, feúch, do bhí an slíabh lán do eachuibh agus do charbaduibh tinntighe timchioll Elisa fá ccuáirt. 18 ¶ Agus a núair thangadar a núas chuige, do ghuidh Elisa an TIGHEARNA, agus a dubhairt, Gúidhim thú, búail an mhuinntirse, le daille. Agus do bhúail sé íad lé daille do réir fhocail Elisa. 19 Agus a dubhairt Elisa riu, Ní hí so an tslighe, ni mo sí so an chathair: leanuidh misi, agus béaruidh mé sibh go nuige an duine íarthaói. Achd do threóruígh sé go Samária íad. 20 Agus tárla, an tan thangadar a steach go Samária, go ndubhairt Elisa, A THIGHEARNA, foscuil súile na muinntirese, go bhfaicfid siád. Agus dfoscuil an TIGHEARNA a súile, agus do chonncadar; agus féuch, go rabhadar a lár Shamária. 21 Agus a dubhairt rígh Israel ré Elisa, a núair do chonairc sé íad, A athair, an mbúailfidh mé íad? an mbúaílfidh mé íad? 22 Agus do fhreagair sé, Ní bhuáilfidh tú íad: an mbúailfeá an luchd do ghabh tú na bpríosúnachaibh led chloidheamh agus led bhogha? cuir arán agus uisge na bhfiághnuise, chor go níosuid agus go nibhid ní, agus go ttéighid chum a maighistir féin. 23 Agus do ghléas sé bíadh mor dhóibh: agus a nuáir a duádar bíadh agus do íbheadar deoch, do chuir sé ar siubhal, chum a maighistir íad. Marsin ni thangadar buidhne Shíria ó sin amach go tír Israel. 24 ¶ Agus tárla na dhíaigh so, gur chruinnigh Ben‐hadad rígh na Síria a shlúagh uile, agus go ndeachaidh súas, agus gur shuighidh a shlúagh ag Samária. 25 Agus do bhí gorta mhór a Samária: agus, féuch, do bhádar na bun, nó go reactháoi ceann asuil ar cheithre fithchíd píosa airgid, agus an ceathramhadh cuid do sbrogaille coluim gun a shalchar ar chúig phíosa airgid. 26 ¶ Agus mar do bhí rígh Israel ag gabhaíl thort ar an mballa, do éigh bean air, gha rádh, Cabhair so, mo thighearna a rígh. 27 Agus a dubhairt seision, Muna bhfurtuigheann an TIGHEARNA ort, ciondus fhéaduimsi furtachd ort? ann as urlár an sciobóil, nó as cantaóir an nfíona? 28 Agus a dubhairt an rígh ría, Cred do imthigh ort? Agus do fhreagair sisi, An bheansa a dubhairt riom, Tabhairsi do mhac, go nithiom é a niugh, agus íosam mo mhacsa a márach. 29 Marsin do bhruitheamar mo mhacsa, agus a duámar é: agus a dubharit misi ria ar na mhárach, Tabhairse do mhac dhúinn go nithiom é: agus dfoluigh sisi a mac féin. 30 ¶ Agus tárla, a nuáir do chúaluidh an rígh bríathra na mná, gur réub sé a éadach; agus do ghabh thort ar an mballa, agus damhairc an pobal air, agus, féuch, do bhí saicéadach táobh a stigh ar a chorp. 31 Ann sin a dubhairt sé, Go ndéarna Día marsin riomsa agus nios mo fós, má sheasann ceann Elisa mhic Saphat air a núigh. 32 Acht do bhí Elisa na shuídhe iona thigh, agus na sinnsir na suídhe na fhochair; agus do chuir an rígh duine uadh dhá raibh ag feithiomh air: ach suil tháinig an teachdaire chuige, a dubhairt sé ris na seanuibh, Féuchuidhsi mar do chuir an macsa an dúnmharbhthóra duine do bhuain mo chinn diomsa? tabhruigh dá bhur naire, a núair thiocfas an teachdaire, druidigh an dorus, agus congmhuidh go dainginn é ag an ndorus: nach bhfuil torann cos a mhaighistír na dhiáigh? 33 Agus an fad do bhí sé fós ag comhrádh ríu, féuch, tháinic an teachdaire a núas chuige: agus dubhairt seision, Féuch, is ón TIGHEARNA thig an tólesa; cred fá mbéinnsí ag feithiomh ar an TTIGHEARNA ni as faide? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society