Bhí Ióisíá ocht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé bliain agus tríocha i réim in Iarúsailéim. Idídeá, iníon Adáiá ó Bhozcat, ab ainm dá mháthair.
Do bhí Iosiah ochd mblíadhna dáois a núair do thosuigh a ríghe, agus do ríoghaidh áon bhlíadhuin déug ar fhithchid ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Iedidah, inghean Adaiah ó Bhoscat.
Ar ordú an Tiarna rinne sé glao in aghaidh na haltóra: “A altóir, a altóir,” ar sé, “seo mar a deir an Tiarna: ‘Béarfar mac do theaghlach Dháiví, darbh ainm Ióisíá agus íobróidh sé ort sagairt na n‑ardionad a dhónn túis ort, agus dófaidh sé cnámha daoine ort.’ ”
Bhí Manaise dhá bhliain déag d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana déag agus daichead i réim in Iarúsailéim. Heifzí Bá ab ainm dá mháthair.